Cóimhneas
—ainm-fhocal, baininscneach
—ní shílim go mbaintear aon-leas as 'san uimhir iolraidh
—Foghar có(mh)-neas, n séimhighthe
—Focal Achréidh amháin
—
comhgar, éascaidheacht, deis, goireacht, rud (áit etc.) a bheith freagarthach, nó éascaidh ar a shroicheachtáil (convenience).
+–
Dhá ndéantaí an scoil ag ceann a' bhóthair, ba mhór a' cóimhneas do na putaigh thoir é = bheadh comhgar acu.
Is mór a' coimhneas do na daoine an bus a bheith ag gabhail a' bóthar seo anois, seachas a bheith ag gabhail an bóthar eile.
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an cóimhneas do na daoine margadh muc a bheith annsin thoir anois, seachas do lá a bheith diom(b)aluighthe ag gabhail ar aonach go Gaillimh. A's in a cheann sin, mara dtaithnighe leat féadfa tú a dtabhairt abhaile aríst.
Is mór an cham-srón-birín air nar deunadh (dearnadh) an droichead siod anuraídh, arae ba coimhneas mhór dó é, leis a' gcairt a's leis a' gcapall.
+–
Níl cóimhneas a' bith dhá bhfaca tú ariamh annsiúd aige. Is mór a' t-iongnadh go bhfanfadh sé annsiúd, a's a fhusacht dó teach a dhéanamh ar a' ngiodán talmhan atá i bhfus le bóthar aige.
Diabhal a' mór do'n duine bocht aon-chóimhneas dhá bhfuil aige, arae cé'n éitir atá ann anois. 'Ní mhaireann an rith maith do'n each igcomhnuidhe' (d)ar ndóigh.
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan cóimhneas agam ná cuid de chóimhneas ach na buinn. Ach dheamhan go dona de dhuine 'fhad's tá siad sin fhéin ar fóghnamh aige.
Níl aon-choimhneas dhá raibh a' gabhail le teach ariamh nach bhfuil aige siúd. Ní raibh acra ariamh ag siúinéara ná ag gabha nach bhfuil aige. Má's í an tsnáthad mhálaí fhéin í, tá sí aige.
Tá coimhneas maith ugainne ar a' mbealach sin, arae tá buailteoir i mbéal a' doruis ugainn.
Níl cóimhneas a' bith aige annsiúd. Nach bhfuil sé leis fhéin, mar bheadh éan an caróige.
+–
Ní bheadh locht a' bith ugam (agam) ar an áit, marach nach bhfuil cóimhneas scoile ná teach pobail ann. Dheamhan scoil ná foghluim a bhfaigheadh (gheobhadh: fuirm an Achréidhe) na putaigh ach an oiread liom fhéin. Ba mhór liom iad a choinneál as anois, a's gan iad ach a' tosuighe a' foghluim.
Tá cóimhneas móna ann, ach níl dadaidh eile ann. Ach céard sin orm! Nach bhfuil siad in a ridirí ag bradáin! Níor dhúin Dia ariamh bearna nach n-osclóchadh sé ceann eile!
TUILLEADH (2) ▼
Is furasta dhóibh sin saidhbhreas a dheanamh ar bhainne. Tá'n cóimhneas Gaillimhe ucu (acu) = tá siad buailte ar Ghaillimh.
Dar príosta má deuntar teach pobail annsin, beidh an-choimhneas amach (comhgar thar cionn) ag a' gceann seo de'n pharaiste.
+–
Th'éis a bhfuil de chóimhneas 'san mbóthar sin, indar leat fhéin, gur beag a' bualadh atá air. Ach ní bheadh sé mar sin, dá "roll"áiltí é = tá éascaidheacht nó cómhgar sa mbóthar sin, nó tá sé freagarthach, a's aindeoin sin, ní theigheann mórán daoine ná carrannaí etc. air.
Is géar géar a theastóchadh bóthar a dheanamh annsin. Ba mhór a' choimhneas é, do'n dream a bhfuil talamh ucu suas i mbarr a' bhaile.
TUILLEADH (3) ▼
Níor thainic aon-choimhneas do'n tír ariamh, mar sin fhéin, mar a' traen. A mhic na nGrásta, is beag a' ghoir atá ag na busannaí uirre!
Ó thárla gur chas Dia an cóimhneas ugaibh (gluaisteán a bhí ag comhursa a's bhí sé go maith faoi na mharcuigheacht), bígí buidheach.
Is mór a' cóimhneas iad na meaisíní buailte seo (treshing machines), seachas an sean-acra a's an capall. Nach h-iomdha cor a chuir a' saoghal de, ó nuair a bhíodh muid dhá bhualadh le súiste. Chreidim dheamhan súiste sa tír anois. Ar chlocha a's ar chléibh a buailtear tae(bh) siar de Ghaillimh fós é.