Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cóineas
ainmfhocal, baininscneach
ní shílim go mbaintear aon leas as san uimhir iolra
foghar: ((có(mh)-neas)), n séimhithe.
focal Achréidh amháin.
cóngar, éascaíocht, deis, gaireacht, rud (áit srl.) a bheith freagarthach, nó éasca ar a shroicheachtáil, convenience.
+
Dhá ndéantaí an scoil ag ceann an bhóthair, ba mhór an cóineas do na putaí thoir é — bheadh cóngar acu.
Is mór an cóineas do na daoine an bus a bheith ag gabháil an bóthar seo anois, seachas a bheith ag gabháil an bóthar eile.
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an cóineas do na daoine margadh muc a bheith ansin thoir anois, seachas do lá a bheith diomalaithe ag gabháil ar aonach go Gaillimh. Agus ina cheann sin, mura dtaitní leat féadfaidh tú a dtabhairt abhaile aríst.
Is mór an cham srón birín air nár déanadh (dearnadh) an droichead siod anuraidh, arae ba cóineas mhór dó é leis an gcairt agus leis an gcapall.
+
Níl cóineas ar bith dhá bhfaca tú ariamh ansiúd aige. Is mór an t-ionadh go bhfanfadh sé ansiúd agus a fhusacht dó teach a dhéanamh ar an ngeadán talún atá abhus le bóthar aige.
Diabhal an mór don duine bocht aon chóineas dhá bhfuil aige, arae cén éitir atá ann anois. Ní mhaireann an rith maith don each i gcónaí ar ndóigh.
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan cóineas agam, ná cuid de chóineas, ach na boinn. Ach dheamhan go dona de dhuine a fhad is atá siad sin fhéin ar fónamh aige.
Níl aon chóineas dhá raibh ag gabháil le teach ariamh nach bhfuil aige siúd. Ní raibh acra ariamh ag siúinéara ná ag gabha nach bhfuil aige. Más í an tsnáthad mhálaí fhéin í, tá sí aige.
Tá cóineas maith againne ar an mbealach sin, arae tá buailteoir i mbéal an dorais againn.
Níl cóineas ar bith aige ansiúd. Nach bhfuil sé leis fhéin, mar a bheadh éan na caróige.
+
Ní bheadh locht ar bith agam ar an áit murach nach bhfuil cóineas scoile ná teach pobail ann. Dheamhan scoil ná foghlaim a bhfaigheadh (gheobhadh: foirm an Achréidh) na putaí ach an oiread liom fhéin. Ba mhór liom iad a choinneáil as anois agus gan iad ach ag tosaí ag foghlaim.
Tá cóineas móna ann, ach níl dadaidh eile ann. Ach céard sin orm! Nach bhfuil siad ina ridirí ag bradáin! Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile!
TUILLEADH (2) ▼
Is furasta dhóibh sin saibhreas a dhéanamh ar bhainne. Tá an cóineas Gaillimhe acu — tá siad buailte ar Ghaillimh.
Dar príosta má déantar teach pobail ansin, beidh an-chóineas amach (cóngar thar cionn) ag an gceann seo den pharóiste.
+
Théis a bhfuil de chóineas sa mbóthar sin, i ndar leat fhéin gur beag an bualadh atá air. Ach ní bheadh sé mar sin, dá rolláiltí é — tá éascaíocht nó comhgar sa mbóthar sin, nó tá sé freagarthach, agus ainneoin sin, ní théann mórán daoine ná carrannaí srl. air.
Is géar géar a theastódh bóthar a dhéanamh ansin. Ba mhór an chóineas é don dream a bhfuil talamh acu suas i mbarr an bhaile.
TUILLEADH (3) ▼
Níor tháinig aon chóineas don tír ariamh, mar sin fhéin, mar an traein. A mhic na nGrásta, is beag an ghair atá ag na busannaí uirthi!
Ó tharla gur chas Dia an cóineas agaibh , bígí buíoch (gluaisteán a bhí ag comharsa agus bhí sé go maith faoina mharcaíocht)
Is mór an cóineas iad na meaisíní buailte seo (treshing machines), seachas an seanacra agus an capall. Nach iomaí cor a chuir an saol de ó nuair a bhíodh muid dhá bhualadh le súiste. Chreidim dheamhan súiste sa tír anois. Ar chlocha agus ar chléibh a buailtear taobh siar de Ghaillimh fós é.

cóineas in iontrálacha eile (1)

 
diaidh
Bíonn caitheamh mór i ndiaidh an óil agam an uair a mbím in áit nach mbíonn an cóineas agam ar a fháil, ach dá mbeadh, ní iarrfainn aon deoir go héag