Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deáchroíúil
aidiacht
 deáchroí a bheith ag duine; é a bheith carannach, fáilí, soilíosach agus rl.
+
Duine deáchroíúil é. Diabhal a leithide eile ann. Dhéanfadh sé rud ar bith dhuit!
Tá sé ro-dheáchroíúil, agus beagán dhá bhárr go minic aige. Is olc a chúitithear a shaothar leis. Ach is cuma leis. Ní dheachaidh aonduine an bóthar ariamh nachar bhain sé an tart agus an t-ocras dhó (dhe)
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an dícéille dhuit a bheith cho deáchroíúil agus atá tú. Ní raibh agad an ghail a d'eireódh de do chac a thabhairt do chuid de na daoine
Bíonn sí ag síorá léithe mar sin, ach a chead sin a bheith aice. Is duine an-deáchroíúil 'na dheidh sin í. Beidh sí agad lá an anshó ar chaoi ar bith

Féach freisin