Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-chroíúil
aidiacht
dea-chroí a bheith ag duine; é a bheith carthanach, fáilí, soilíosach srl.
+
Duine dea-chroíúil é. Diabhal a leithide eile ann. Dhéanfadh sé rud ar bith dhuit!
Tá sé ró-dhea-chroíúil, agus beagán dhá bharr go minic aige. Is olc a chúitítear a shaothar leis. Ach is cuma leis. Ní dheachaigh aon duine an bóthar ariamh nár bhain sé an tart agus an t-ocras dhó (dhe)
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an díth céille dhuit a bheith chomh dea-chroíúil agus atá tú. Ní raibh agat an ghail a d'éireodh de do chac a thabhairt do chuid de na daoine
Bíonn sí ag síor-rá léithe mar sin, ach a chead sin a bheith aici. Is duine an-dea-chroíúil ina dhiaidh sin í. Beidh sí agat lá an anó ar chaoi ar bith

Féach freisin