Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deáchríoch
ainm-fhocal, buineann
 pósadh faoi shéan; bás ola agus aithrí; do leas a dhéanamh, nó do ghníomhra a dhul chun tairbhe nó chun maitheasa dhuit.
+
Go gcuire Dia deáchríoch ort! (Beannacht) = go bhfagha tú deábhás; go ndeana tú do leas; go bpósa tú faoi rathúnas
Deáchríoch orainn uiliog!
TUILLEADH (8) ▼
Deáchríoch ó Dhia orainn!
Tá súil agam go gcuire Dia deáchríoch ort
Duine ar bith a dhéanfadh a mhacsamhail sin de rud, ní deáchríoch a d'fhéadfadh a bheith air, tús na breithe ag Mac Dé
Deagh-chríoch go gcuire Dia ort, a's nar fheice sé an fhad sin de luighe bliadhna ort choidhchin!
Deagh-chríoch ó Dhia ort!
Deagh-chríoch go raibh orainn (againn) ar fad! = nar eirighe aon-do-ní dhúinn!
Deagh-chríoch go raibh ar chuile chréatúr!
Ná raibh deáchríoch ort le deis a bheith ort!
+
Deagh-chríoch ort a mhic ó! (beannacht mar bhuidheachas de bharr gar nó soighleasa a dhéanamh) = déarfaidhe go h-áithrid é le duine nach mbeadh pósta fós
Deagh-chríoch ort, agus go dtuga Dia fear mór maith dhuit!
TUILLEADH (3) ▼
Ní deáchríoch a chuaigh uirre an dílleachta bocht = cuireadh ó chrích í; bhí clann thabhartanais aice
Ní raibh aon-cheann comhairle aice mar bhí a h-athair agus a máthair básuithe, agus ní dheachaidh aon-dheáchríoch uirre ní dhá roint léithe é
Mara n-athraí tú béasa, tá faitíos orm sábhala Dia sinn nach hí an deáchríoch a bheas ort. Ná bac le inghin ar bith a ghabhfas thar chomhairle a h-athar agus a máthar. Ní hé bara a leasa atá fúithe

Féach freisin