Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deadesign
ainm-fhocal
Is cosamhail gurb é an focal Béarla design atá ann. Fuaimeanna an Bhéarla atá ar na leitreachaí. Tá sé coitianta go maith san gcaint ach ní bhíonn an focal "design" ann ar aghaidh féin gan an réimmír deá i gcomhnaí
 deárún; leas; maith; bara leasa.
+
Ní ar dheádesign ar bith a casadh an cloigneachán sin an bealach seo = ní deárún ná deámheanmna a thug an bealach é. Rún mísce is fáth len a thuras
Ní ar dheádesign ar bith adúirt sé é sin leat. Ag iarraidh thú a chur i mbealach do bhasctha atá sé. Diabhal ceó eile
TUILLEADH (3) ▼
Níor cheart daoib araoid ar bith a chur orra. Amháin nach ar dheádesign ar bith a tháinic siad fhéin, ná baol orra
Níl sé amuigh anocht ar dheádesign ar bith. Ní ghabhfaidh sé abhaile gan ballséire eicínt a dhéanamh
Bhí a fhios agam an chéad lá ariamh a bhfaca mé an "bicycle" céanna nach ar dheá design ar bith a thug tú isteach san teach é. B'fhurasta aithinte é

Féach freisin