Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-design
ainmfhocal
is cosúil gurb é an focal Béarla design atá ann. Fuaimeanna an Bhéarla atá ar na litreachaí. Tá sé coitianta go maith sa gcaint ach ní bhíonn an focal design ann ar a aghaidh féin gan an réimír dea- i gcónaí
 dea-rún; leas; maith; bara leasa.
+
Ní ar dhea-design ar bith a casadh an cloigneachán sin an bealach seo — ní dea-rún ná dea-mheanmna a thug an bealach é. Rún mísce is fáth lena thuras
Ní ar dhea-design ar bith adúirt sé é sin leat. Ag iarraidh thú a chur i mbealach do bhasctha atá sé. Diabhal ceo eile
TUILLEADH (3) ▼
Níor cheart daoibh araoid ar bith a chur orthu. Amháin nach ar dhea-design ar bith a tháinig siad fhéin, ná baol orthu
Níl sé amuigh anocht ar dhea-design ar bith. Ní ghabhfaidh sé abhaile gan ball séire eicínt a dhéanamh
Bhí a fhios agam an chéad lá ariamh a bhfaca mé an bicycle céanna nach ar dhea-design ar bith a thug tú isteach sa teach é. B'fhurasta a aithinte é

Féach freisin