Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deá fhocal
ainm fhocal, fireann
deárud a rá; deáchliú a thabhairt; caint ghrástúil.
+
Ní hé an deáfhocal atá aige sin d'aonduine (faoi aonduine) = ní thiúrfaidh sé aon-deá cháil ar aonduine. Sciollfaidh sé gach duine
Bí siúráilte má dheireann sé tada nach hé an deáfhocal adéarfas sé fút
TUILLEADH (2) ▼
Ní hé an deáfhocal a bheadh in do bhéal leath cho maith! Ach mise i mbannaí go dtóigfidh tú an droch-fhocal sách gasta = focla míchuíbhiúla; nó focla eascainí nó gáirsiúlachta
Nach beag an luadh agad an deáfhocal a bheith agad. Ach ba deacair dhuit agus an dream atá tú a thaithiú. Cuirfidh siad sin i mbealach do bhasctha tú feicfidh tú fhéin air. Ach bíodh agad. Beatha do dhuine a thoil, adeir siad

Féach freisin