Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-fhocal
ainmfhocal, fireann
 dea-rud a rá; dea-chlú a thabhairt; caint ghrástúil.
+
Ní hé an dea-fhocal atá aige sin d'aon duine (faoi aon duine) — ní thabharfaidh sé aon dea-cháil ar aon duine. Sciollfaidh sé gach duine
Bí siúráilte má dheireann sé tada nach é an dea-fhocal adéarfas sé fút
TUILLEADH (2) ▼
Ní hé an dea-fhocal a bheadh in do bhéal leath chomh maith! Ach mise i mbannaí go dtógfaidh tú an drochfhocal sách gasta — focla míchuibhiúla; nó focla eascainí nó gáirsiúlachta
Nach beag an lua agat an dea-fhocal a bheith agat. Ach ba deacair dhuit agus an dream atá tú a thaithiú. Cuirfidh siad sin i mbealach do bhasctha tú feicfidh tú fhéin air. Ach bíodh agat. Beatha do dhuine a thoil adeir siad

Féach freisin

dea-fhocal in iontrálacha eile (5)

+
focal
Bíodh an dea-fhocal ag an té a bhíos ag caint. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
TUILLEADH (1) ▼
Ní hé an dea-fhocal a chloisfeas tú as a bhéal
 
Is beag duine a bhfuil aon ghnaoi aige ar an gcoinicéar sin, agus ar ndóigh ní hionadh é. Cé a chuala an dea-fhocal as a béal ariamh?
 
Bíodh cuntanós eicínt ionat thairis sin, agus labhair sibhialta le na daoine. Níor bhris dea-fhocal fiacail ariamh, tá a fhios agat.
 
deis
Mura bhfuil seisean ar dheis na glóire, is trua don chuid eile againn. Níor ghoid sé ná níor fhuadaigh sé, ná níor chuala aon duine ach an dea-fhocal as a bhéal ariamh faoin gcomharsa. Go dtuga Dia a luach dó!