Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fabhtú
Briathar
a dhéanamh lofa; a chur chun mífollántais, a tholgadh; dochar a dhéanamh do rud, nó a chur chun óthrais.
+
Níl faitíos ar bith orm anois ach go bhfabhtódh sí an ceann slán ó atá sí fhéin fabhtach (súil) = go gcuirfeadh sí an tsúil eile chun mífhollántais; chun donacht
Má fhágann duine cupla fata lofa i bpoll, tá siad indon an poll ar fad a fhabhtú. Chonnaic mé go minic é. D'fhabhtódh agus clúid fhataí a bheadh i scioból agad freisin
TUILLEADH (3) ▼
Deir na dochtúirí go bhfabhtóidh an dochar atá san rúitín an chois suas ar fad. Dhá mbaintí an chois ón rúitín anois dó, bheadh aige. Caillfidh sé ón gceathrú ar ball í. Ach sén dá mhar a chéile an ballséire agus a ghiolla
Má fhágann duine puiteach mar sin istigh san "tyre", fabhtaíonn sí na tiúbannaí. Sin é lom-chorp na fírinne
Is fadó an lá ó a thosaigh sé ag fabhtú = ag lobhadh nó ag dul chun mífhollántais istigh ann