Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fabhtaigh
briathar
a dhéanamh lofa; a chur chun mífollántais, a tholgadh; dochar a dhéanamh do rud, nó a chur chun othrais.
+
Níl faitíos ar bith orm anois ach go bhfabhtódh sí an ceann slán ó tá sí fhéin fabhtach (súil) — go gcuirfeadh sí an tsúil eile chun mífhollántais; chun donacht
Má fhágann duine cupla fata lofa i bpoll, tá siad in ann an poll ar fad a fhabhtú. Chonaic mé go minic é. D'fhabhtódh agus clúid fhataí a bheadh i scioból agat freisin
TUILLEADH (3) ▼
Deir na dochtúirí go bhfabhtóidh an dochar atá sa rúitín an chois suas ar fad. Dhá mbaintí an chois ón rúitín anois dó, bheadh aige. Caillfidh sé ón gceathrú ar ball í. Ach 'sé an dá mhar a chéile an ball séire agus a ghiolla
Má fhágann duine puiteach mar sin istigh sa tyre, fabhtaíonn sí na tiúbannaí. Sin é lomchorp na fírinne
Is fadó an lá ó thosaigh sé ag fabhtú — ag lobhadh nó ag dul chun mífhollántais istigh ann

fabhtaigh in iontrálacha eile (1)

 
Deir tusa go bhfuil sí folláin. Ní den fhollántas a bheith réidh suas ina bolgán béice mar siúd di. Cheapfainn gur bean í atá fabhtaithe ar fad