—
magadh; fonóid; spóirt; spraoi; séideadh faoi; mí-chéad.
·
Bhí sé ag fachnaoid leis = ag déanamh spóirte nó spraoi leis; ag macnas leis (ach is minice adeirtear faoi mhagadh agus faoi chúrsaí cainnte amháin é)
Nach ag fonóid agus ag fachnaoid faoi dhaoine a chaitheas sé a shaol. Ach diabhal dochar ann ach an méid sin nathaíochta. Duine an-oibliogáideach é
+–
D'fhiafruigh mé féin le fachnaoid dó (dhe) cé mhéad a bheadh ar an ngamhain. "Más de ghrádh magaidh a tháinig tú annseo", adeir sé, "b'fhearr dhuit t'aghaidh a thabhairt in áit eicínt eile, agus gan caidéis ar bith a chur ormsa ná ar mo ghamhain"
Chuir mé mo láimh in mo phóca le fachnaoid, mar dhóigh dhe go raibh an-mhisneach agam, ach deirimse leatsa, go raibh mé ag téigheamh, mar nach raibh a fhios agam, cén nóimead a gcuirfeadh sé an chloch báiteach in mo bhaithis = le mí-chéad, le neamhshuim
TUILLEADH (1) ▼
Siúd é nach mbeidh mórán fachnaoide aige leat, ach má tá an rud ag dul duit é a thabhairt duit, agus mara bhfuil beagán omóis a thabhairt duit
·
M'anam muise gur beag an acmhuinn atá aige ar an bhfachnaoid bheag sin chor ar bith
Féach freisin
→
fonóid