—
magadh; fonóid; spóirt; spraoi; séideadh faoi; míchéad.
·
Bhí sé ag fachnaoid leis — ag déanamh spóirte nó spraoi leis; ag macnas leis (ach is minice adeirtear faoi mhagadh agus faoi chúrsaí cainte amháin é)
Nach ag fonóid agus ag fachnaoid faoi dhaoine a chaitheas sé a shaol. Ach diabhal dochar ann ach an méid sin nathaíochta. Duine an-oibleagáideach é
+–
D'fhiafraigh mé féin le fachnaoid dó (dhe) cé mhéad a bheadh ar an ngamhain. 'Más de ghrá magaidh a tháinig tú anseo,' adeir sé, 'b'fhearr dhuit t'aghaidh a thabhairt in áit eicínt eile agus gan caidéis ar bith a chur ormsa ná ar mo ghamhain'
Chuir mé mo láimh in mo phóca le fachnaoid, mar dhóigh dhe go raibh an-mhisneach agam, ach deirimse leatsa go raibh mé ag téamh, mar nach raibh a fhios agam cén nóimead a gcuirfeadh sé an chloch báiteach in mo bhaithis — le míchéad, le neamhshuim
TUILLEADH (1) ▼
Siúd é nach mbeidh mórán fachnaoide aige leat ach má tá an rud ag dul duit é a thabhairt duit, agus mura bhfuil, beagán ómóis a thabhairt duit
·
M'anam muise gur beag an acmhainn atá aige ar an bhfachnaoid bheag sin chor ar bith
Féach freisin
→
fonóid