Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
faigh amach
+
Fritheadh amach bréagach é = tuigeadh gur innis sé bréag.
Má fhaightear amach bréagach thú, tiocfa sé daor ort.
TUILLEADH (10) ▼
Má fhaightear amach bréagach thú, ní chreidfidhear aon-fhocal uait aríst le do ló.
Is fada a' scithleigeadh bréag é, ach tá sé faighte amach faoi dheire.
'Dhá fhada dhá dteigheann a' mada ruadh, beirtear air sa deire'. Tá sé in am acab é 'fhaghail amach bréagach.
Má fhaightear amach an ghaduidheacht air, gheobha sé garbh é.
Má tá indán's go bhfuighe sé amach go raibh aon-láimh a(gh)ad ann, níl aon-ghna(ithe) sa tír a(gh)ad.
Má fhaghaim amach níos mó do dhiaidh, beidh scéal agad air = má chloisim go raibh tú a' cainnt aríst fúm, gheobha tú garbh é uaim.
Ná faghaimse focal eile amach in do dhiaidh aríst go deo, ar mhaithe leat fhéin.
Má fhaghaimse an méid sin amach in do dhiaidh, ní chloisfe tú aon-cheo uaim aríst le do ló.
Tá sí sin an-chabach. Níl aon-smid dhár dhubhairt mé as a comhair, nach bhfuair mé amach aríst in a diaidh.
Ná h-innis tada dhi sin, nó gheobha tú amach na diaidh aríst é.

faigh amach in iontrálacha eile (50+)

 
Faitíos ar Sheán go deimhin! Fuair sé amach muise an fear a mbeadh faitíos air! = níl faitíos ar bith air
 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) annseo le bliain. Dar fiadh tá! Meastú nachar scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé leigean eicínt orra. Sé atá i riocht
 
fios
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labharha. Ab é an gráiscín sin? Náireódh sé thú, dhá mbeadh aon-duine ann a mbeadh cás ar bith agad faoi. Meastú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. annseo … ? Ní thiúrfainn deóir fhola le náire
 
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
 
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín san gcúilteach é an lá sin. Thar éis an Aifrinn thug siad amach é, nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lár na mháireach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: "an Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh." Ba shin é an fear agad le fágáil i gcionn poitín!
 
fóir
Chuir sé snáthaid ann. Uaidh sin amach ní raibh an phian cho cráite air. Sin é an fhóirínt a fuair sé ón dochtúr
 
Fuair tú amach 'muis an té a mbeadh caomhamhaint ann. Nach bhfuil fhios agad nach mbeadh sé sin beo gan a bheith a' cíbleadh cainnte.
 
ceas
Fuair mise daba mairtfheola an tseachtmhain seo caithte, a's bhí sí a' fínniú. Níor chaith mé amach fós í fhé'int a dtiocfadh aon-cheannuidhe thart, go gcuirinn ceas air léithe.
 
ciste
M'anam muise go bhfuair tú amach an té a mbeadh ciste a's stór aige, S. Ph. Mh.!
 
M'anam muise go bhfuair tú amach é, an teach a gcaithfí cumaoin leat! Tá'n teach sin 'fhearacht ag an áit a raibh an fear fadó: 'mara dtuga tú leat arán an lá 'mbeidh tú ann, beidh tú an lá sin i do throsca'.
+
crinn
Ní bheidh sé crínnte ceart muise go dteighe na caoirigh air. An áit nach bhfaigheadh an bhó tomsacht, dhéanfadh an chaora solamar amach air.
TUILLEADH (1) ▼
Is olc a chruthuigh sibse nuair a bhí sib fhéin a's bád R. a' creinneadh a chéile ar a' mbord amach, nar shnámh sib amach os a gcionn a's iad a phlúchadh. Gheobhaidís rud le déanamh an uair sin í a thabhairt glan ar an mbuaidhe.
 
cuach
Ba mhaith uaithe sin daoine a chuachadh suas roimhe seo, le laetheanta oibre a thabhairt di, ach dheamhan mórán áird' ag aonduine anois uirre. Fuair 'chuile dhuine amach, cé hí fhéin.
 
beo 1
Bhí mé cruptha suas mar sin ar feadh na h-oidhche, ach nuair a fuair mé fáill ionntú ar a' taobh eile, d'airigh mé iasc beo a' teacht aníos thrídh mo chorróig, a's shíl mé go dtiocfad sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimnighe aige.
 
beos
Fuair tú amach an té a mbeadh beodhas ann muis
 
Fuair tú amach an té atá indon cliabh a iomchur. Sáthach righte a ghabhfadh sé leis, boscaeidín a iomchur, ní áirmhighim cliabh. (Dh)ar ndóigh, níl lúd ná láthar sa luisneachán siúd.
 
Fuair tú amach muis, an té a bhfuightheá brabach óil air — an té nar ghludh (ghlaoidh) deoch do dhiathshúlach ariamh = níor thug sé deoch isteach d'aon-duine ariamh.
 
aer
Cé'n uair a fuair mise aon-aer, ná aon-eirghe amach? = cé'n uair a d'fhéad mé an baile a fhágáil, agus a dhul a' lorg siamsa ná fos-sláinte in áit eile.
+
buail
Fuair tú amach é, muis, cé a bhuailfeadh isteach a' breathnú ort = sé'n duine céadna adubhairt tú, an duine nach dtiocfadh isteach a' breathnú ar aon-duine.
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath a's ar bhuail an rachmall pósta é, d'ionnsuigh sé siar amach go bhfuair sé bean. Ní fhaca tú in do shaoghal ariamh rud a' bith ab aibéile ná é.
+
buille
Ó'n lá a bhfuair sé an buille sin, níor bhuail sé aon-bhuille sa mbéim uaidh sin amach = bhí an buille a fuair sé i gcomhnuidhe ag gabhail roimhe.
TUILLEADH (2) ▼
Fuair tú amach an té a dhéanfadh aon-bhuille ar foghnamh — é sin!
Fuair tú amach é, muis, an té a mbeadh aon-bhuille bog ann!
 
buinne 1
Fuair T. C. a's N. bairille beag sa mbruth-faoi-thír, tá suím bliadhanta ó shoin. D'áitigh ar a' mbeirt a' dul dó, a' ceapadh gur ól a bhí ann, a's badh eadh freisin, a's ná raibh Dia leis, marar thuit an buinne tónach anuas lobhtha dhe, a's dheamhan deoir a d'fhan ann nar dóirteadh amach sa snátha mara. Shuidh an cupla síos ar a' dúirling a' caoineadh na h-éadála! Deir siad fhéin gur 'rum' a bhí ann, ach is dona a chreidfinn é.
 
ainm
Tá sé in ainm's a bheith réidh glan amach in a dhochtúr imbliadhna, ach sílim dheamhan mórán dindiúirí a fuair sé fós = badh cheart dó a bheith críochnuighthe ina dhochtúr imbliadhna, ach sílim nar eirigh mórán cáilidheachta dochtúra leis fós.
+
amach
Tá'n Nodlaic amach romhainn go goirid, anois, agus ní feasach mé cá bhfaighe mé rud le na h-aghaidh.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfaigh(fh)ear tada annsiúd gan a íoc amach ar a' tairnge = ar bhall na h-áite; airgead síos.
Dhá mbadh fear gnaoidheamhail é, d'íocfadh sé amach a bhfuair sé, a's gan a bheith 'sceidínteacht leis = dhá íoc in a chuideannaí.
 
Is beag adeirigh leis a bhaint amach, agus a' gortú 'fuair sé.
+
D'eireochadh dhóib iad a bhualadh amach, mar fuair siad an-bheathú, rud nach bhfuair gamhna Sh.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhfaighe sé crathadh 'bith do laogh-sa a bhualadh amach, ma fhaghann sé aon-aire chóireamhail chor a' bith.
 
Tá dlighe nuadh anois ceaptha amach, le go bhfaighe baintreabhachaí pinsean.
+
Dhá gcuirtheá do theanga bheag amach, anois, ní bhfaighe tú aon-ghreim aráin níos mó = is cosamhail go mbeadh duine thart críochnuighthe le ocras, tart etc, nuair a chuirfeadh sé a theanga bheag amach.
TUILLEADH (1) ▼
Chuir mé 'chuile leithphighinn dhá bhfuair mé as Ameriocá, amach a' ceannacht cuid na Nodlac.
 
Fuair mé rud le déanamh agus an teach a dhéanamh amach, mar ní raibh mé ann ariamh, ach uair amháin fadó an lá.
+
Ní bhfaighe tú aon-cháirde, mara bhfuil tú indon an seachadadh amach a dhéanamh.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhfaighe tú aon-cheo isteach uaithe faoi'n Nodlaic mara ndeana tú an seacadadh-amach.
 
Is beag eirghe amach a rinne muide ariamh, ná fuair muid cead a dhéanamh, agus níor dhonaide muid sin.
 
anó
Fuair tú amach é — a' té a leigfeadh anshógh air fhéin = tá tú 'g (dh)ul amudha faoi'n duine sin — ní bhfuigheadh sé sin aon-ocras, mar is soláthruidhe nó fáitcheallach maith é, agus tá éadan aige.
 
Tháinig feidheall meachan amach as an gcuasnóig agus d'fháisc siad air. Sin é an fear a fuair a chiapadh uatha ceart
 
Níl a fhios ag aonduine cáide go stopa an "rationáil" seo. Beidh fiannaíocht air. Dheamhan é nó go bhfairsingighe rudaí thar cíonn aríst. Más fíor go bhfuil muinntir ná dtíreannaí amach ag fáil bháis leis an ocras … Ní cás duinn é annseo, agus greim ar bith a fháil
 
folamh 1
"Pócaí falamh bocht, buailidís bóthar; Agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír" (as amhrán)
 
An té atá ag ceannacht uibheachaí, is minic a gheobhfas sé cuid nach mbeidh folláin. Ní móide go gcreidfeá mé faoi seo, ach an t-am a raibh mé i Sasana, fuair mé ubh le mo bhéilí lá ann, agus nuair a bhris mé í, deir tú leis an éan a léim agam (chugam) amach!
 
fonn
Fonn maitheasa ar T. go deimhin! Fuair tú amach é muis
 
D'aithneódh dall gan súil go raibh fosaíocht eicínt air leis an láimh i gcaitheamh an achair. Bhrath mise go maith é. Bhí a fhios agam go raibh an t-airgead i gcúl a ghlaice aige, ach nach dtiúrfadh sé don fhear istigh é, go mbaineadh sé an méid sin cainnte amach. Diabhal mé muise gur beag eile sáraíocht a dhéanfadh sé nuair a mhaithfeadh an ceann istigh dhó é. B'fhearr leis a theacht len a raibh faighte aige, ná a bheith dhá mheárú fhéin
 
Fuair tú amach muise an té a mbeadh fascadh ann. 'Ar ndú' dhá gcuirtheá slat ar pharáiste, ní bhfuightheá fear is cabaí ná é sin
 
Gabhfaidh sí sin ag tóraíocht áit ar bith a n-aireóidh sí an fáiteall. Nach maith a fuair sí amach anois go raibh sean-éadaigh cuileáilte ag an dochtúr. Ní bheadh an saol suas léithe
 
imirt
Bain do shásamh amach anois ó fuair tú ar chlár na h-imeartha é = bain díoghaltas de, ó fuair tú do dheis air; ó thárluigh sé a bheith in áit go bhfuil deis ionnsuighthe air, nó deis chainnte leis.
 
Fuair tú amach an té a d'iomchróchadh é fhéin = thar dhuine ar bith eile, ní raibh seans ar bith go mbeadh an duine sin múinte.
 
Bhínn isteach 's amach ann, ar feadh na bliadhna, ach bhí fhios agam go maith, nach bhfaighinn tada isteach