faigh amach
—
+–
Frítheadh amach bréagach é — tuigeadh gur inis sé bréag
Má fhaightear amach bréagach thú, tiocfaidh sé daor ort.
TUILLEADH (10) ▼
Má fhaightear amach bréagach thú, ní chreidfear aon fhocal uait aríst le do ló.
Is fada ag scilligeadh bréag é, ach tá sé faighte amach faoi dheireadh.
Dhá fhada dhá dtéann an mada rua, beirtear air sa deireadh. Tá sé in am acub é a fháil amach bréagach.
Má fhaightear amach an ghadaíocht air, gheobhaidh sé garbh é.
Má tá i ndán is go bhfaighidh sé amach go raibh aon láimh agad ann, níl aon ghnaithe sa tír agad.
Má fhaighim amach níos mó i do dhiaidh, beidh scéal agat air — má chloisim go raibh tú ag caint aríst fúm, gheobhaidh tú garbh é uaim
Ná faighimse focal eile amach in do dhiaidh aríst go deo, ar mhaithe leat fhéin.
Má fhaighimse an méid sin amach in do dhiaidh, ní chloisfidh tú aon cheo uaim aríst le do ló.
Tá sí sin an-chabach. Níl aon smid dhár dhúirt mé os a comhair nach bhfuair mé amach aríst ina diaidh.
Ná hinis tada dhi sin nó gheobhaidh tú amach ina diaidh aríst é.
faigh amach in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Faitíos ar Sheán go deimhin! Fuair sé amach muise an fear a mbeadh faitíos air! — níl faitíos ar bith air
TUILLEADH (1) ▼
Ní ligfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó thitfeadh oíche dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air
→
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
+
→
fios
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labhartha. Ab é an gráiscín sin? Náireodh sé thú dhá mbeadh aon duine ann a mbeadh cás ar bith agat faoi. Meas tú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. anseo … ? Ní thabharfainn deoir fhola le náire
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a theastaigh fios uait. Faigh amach é — freagra ar ghasúir (nó ar dhuine ar bith) nuair a sháróidís thú ag iarraidh rud a fháil amach, eolas a bhaint asat nach mian leat a thabhairt uait srl.
Bhí sé chomh maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslogaide ansin amuigh ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siobháin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin ansin go raibh sé in am a bheith ag gliondáil as
→
fág ar
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín sa gcúlteach é an lá sin. Thar éis an aifrinn thug siad amach é nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lá arna mhárach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: 'an té a chruthaigh neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh.' Ba in é an fear agat le fágáil i gcionn poitín!
→
fáinne
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfaigheadh sé leath a dhíol le n-ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shula ndeachaigh sé isteach
+
→
fóir
Go bhfóire Dia ort, ach a bhfaighe t'athair amach gur leag tú é sin — maróidh t'athair thú
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé snáthaid ann. Uaidh sin amach ní raibh an phian chomh cráite air. Sin é an fhóirithint a fuair sé ón dochtúr
Fuair tú amach muis, an té a mbeadh caomhúint ann. Nach bhfuil a fhios agat nach mbeadh sé sin beo gan a bheith ag cíble cainte.
→
ceas
Fuair mise daba mairteola an tseachtain seo caite agus bhí sí ag fíniú. Níor chaith mé amach fós í fhéint a dtiocfadh aon cheannaí thart go gcuirinn ceas air léithe.
Má tá an uair coimhthíoch fhéin le fada, gheobhaidh muid triomach dhá réir as seo amach. Níl tuile dhá mhéad nach gcaitheann sé an fhad eile a thrá, agus sin é fhearacht ag an aimsir é. Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile.
→
comaoin
M'anam muise go bhfuair tú amach é, an teach a gcaithfí comaoin leat! Tá an teach sin a fhearacht ag an áit a raibh an fear fadó: mara dtuga tú leat arán an lá a mbeidh tú ann, beidh tú an lá sin i do throscadh.
+
→
bealach
Is gránna an bealach atá léithe, amuigh i mbéal an bhealaigh roimh chuile dhuine go bhfaighe sí amach cá'il sé ag dul.
TUILLEADH (1) ▼
Hé brí (pé ar bith) céard a dhéanfas tada eile, tá siopaí na háite seo as bealach ar fad leis an bplúr. Gheofá céad plúir i nGaillimh ar chúig déag, agus tá na scriosadóirí atá anseo ag baint seacht déag is sé pínne amach air.
+
→
crinn
Ní bheidh sé crinnte ceart muise go dté na caoirigh air. An áit nach bhfaigheadh an bhó tiomsacht, dhéanfadh an chaora solamar amach air.
TUILLEADH (1) ▼
Is olc a chruthaigh sibhse nuair a bhí sibh fhéin agus bád R. ag crinneadh a chéile ar an mbord amach nár shnámh sibh amach os a gcionn agus iad a phlúchadh. Gheobhaidís rud le déanamh an uair sin í a thabhairt glan ar an mbuaí.
→
críoch
Níl sí ó chrích fós, ainneoin go bhfuil sí amach go maith sna déaga is fiche. Gheobhaidh sí crannfhear mór Achréidh; gan aon choisméig siúil, a gcinnfidh air aon bhean a fháil sna bólaí s'aige fhéin.
→
cuach
Ba mhaith uaithi sin daoine a chuachadh suas roimhe seo le laethanta oibre a thabhairt di, ach dheamhan mórán airde ag aon duine anois uirthi. Fuair chuile dhuine amach cé hí fhéin.
→
cúl
Ní choinníonn aon teach ósta anois é (an poitín) mura gcoinnídís ar chúla téarmaí é go díreach. Ar ndóigh, dá bhfaightí amach go ndíolfaidís aon deoir dhe, bhainfí cead díolacháin uileag dhíobh, agus ba mhaith an ceart é freisin.
+
→
beo 1
Tá amhais amach sna réigiúin choimhthíocha sin agus d'íosfaidís beo beithíoch thú dhá bhfaighidís aon ligean ort.
TUILLEADH (2) ▼
Má fhaigheann an máistir amach orainn é, ní fhágfaidh sé iall bheo ionainn. Ach ní bhfaighidh, mura n-insí aon duine de na gasúir bheaga dhó é.
Bhí mé craptha suas mar sin ar feadh na hoíche, ach nuair a fuair mé faill iontú ar an taobh eile, d'airigh mé éasc beo ag teacht aníos thrí mo chorróig agus shíl mé go dtiocfadh sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimní aige.
→
binse
Faigh an láí agus glan amach an scraith mharbh sin den bhinse. Ní dheachaigh tú sách domhain leis dhá scrathadh.
→
boscaed
Fuair tú amach an té atá in ann cliabh a iompar. Sách rite a ghabhfadh sé leis boscaeidín a iompar, ní áirím cliabh. Ar ndóigh, níl lúd ná láthar sa luisneachán siúd.
+
→
brabach
Fuair tú amach muis, an té a bhfaightheá brabach óil air — an té nár ghluigh (ghlaoigh) deoch do Dhia shúlach ariamh — níor thug sé deoch isteach d'aon duine ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaigheann an póilí aon bhrabach ar an méid adéarfas tú, tiocfaidh chuile fhocal de do chuid cainte amach in t'aghaidh lá na cúirte.
+
→
bruach
Fág na bruachannaí mar sin go bhfaighe tú aimsir chóiriúil. B'fhearr dhuit a dhul ag cur amach fheamainne inniu.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon uair ó gortaíodh mé fadó nach mbriseann mo bhéal amach agus nach ndéanann sé bruachannaí, má fhaighim tsiocair fuaicht ar bith.
→
aer
Cén uair a fuair mise aon aer ná aon éirí amach? — cén uair a d'fhéad mé an baile a fhágáil agus a dhul ag lorg siamsa ná fos sláinte in áit eile
+
→
buail
Fuair tú amach é muis, cé a bhuailfeadh isteach ag breathnú ort — 'sé an duine céanna adúirt tú, an duine nach dtiocfadh isteach ag breathnú ar aon duine.
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath agus ar bhuail an rachmall pósta é, d'ionsaigh sé siar amach go bhfuair sé bean. Ní fhaca tú in do shaol ariamh rud ar bith ab aibéile ná é.
+
→
buille
Ón lá a bhfuair sé an buille sin, níor bhuail sé aon bhuille sa mbéim uaidh sin amach — bhí an buille a fuair sé i gcónaí ag gabháil roimhe
TUILLEADH (2) ▼
Fuair tú amach an té a dhéanfadh aon bhuille ar fónamh — é sin!
Fuair tú amach é muis, an té a mbeadh aon bhuille bog ann!
→
buinne 1
Fuair T. C. agus N. bairille beag sa mbruth faoi thír tá suim blianta ó shin. D'áitigh ar an mbeirt ag dul dó ag ceapadh gur ól a bhí ann, agus ba ea freisin, agus ná raibh Dia leis murar thit an buinne tónach anuas lofa dhe agus dheamhan deoir a d'fhan ann nár dóirteadh amach sa snátha mara. Shuigh an cúpla síos ar an duirling ag caoineadh na héadála! Deir siad fhéin gur 'rum' a bhí ann, ach is dona a chreidfinn é.
+
→
ainm
Tiocfaidh sé daor air má fhaigheann na póilíos amach go dtug sé an t-ainm contráilte dóibh
TUILLEADH (3) ▼
Is daor dochrach an pionta air é má tá i ndán is go bhfaighidh na póilíos amach gur thug sé an t-ainm contráilte uaidh — cuirfear éiric throm air má fhaigheann na póilíos amach nár thug sé an t-ainm ceart dóibh nuair a rugadar air agus é ag ól pionta théis an ama
Cuirfidh siad siúd (na póilíos) comaoin air ach an' dá luath is a bhfaighe siad amach gur thug sé an t-ainm contráilte dhóibh.
Tá sé in ainm is a bheith réidh glan amach ina dhochtúr i mbliana ach sílim dheamhan mórán dintiúirí a fuair sé fós — ba cheart dó a bheith críochnaithe ina dhochtúr i mbliana ach sílim nár éirigh mórán cáilíochta dochtúra leis fós
→
airde 1
Ní bhfaighidh sibh aon chead éirí in airde anseo. Téigí amach faoi na cnocáin más breá libh é.
+
→
amach
'Pócaí fola(mha) bocht buailidís bóthar; agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír' (Creathnach Sheáin Boirne)
TUILLEADH (3) ▼
Gheobhadh sé aird thar tír amach san áit nach mbeadh aon aithne air.
Dhá gcasadh sé amach port maith, gheobhadh na daoine sásamh eicínt air tharas a bheith ag baint corruair mhí-ábh as sa gcúinne.
Ní bhfaighidh muid aon phínn dole aríst amach go Lá Samhna.