Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Failliú
Briathar
siléig, neamh-shuim, moill etc., a dhéanamh.
+
Ní fhailleóidh sé siúd a ghnatha. Bhí sé in a shuí leis an réaltóig inniu = ní dhéanfaidh sé faillí in a chuid oibre
Níor fhailligh sé gan a dhul chuig na rástaí. Ba deacair é sin a chur amach in a ghnatha muis
TUILLEADH (10) ▼
Ná failligh an leitir sin. Scríobh í ar a dhul suas duit anois
Seachain an bhfailleóchthá do dheis. Ní móide go bhfuightheá cho réidh aríst í = don't miss (neglect) your opportunity; tapuigh do dheis
Má fhaillíonn muid an rabharta seo, dheamhan sop leasú a bhéas againn le aon-tsíol a chur
Ní fhailleóidh siad na damhsaí ar chaoi ar bith. M'anam nach mbeidís leath cho so-ghluaiste ag dul amach ag déanamh ceann-oibre eicínt
Fág annsin é. Tá breith mhaith ar an gclaise sin "a chur isteach". Ach ná faillíodh muid an béilí pérbith céard a dhéanfas muid
Hébrí céard a dhéanfas an garraí, ní fhailleóidh sé an chuartaíocht. Trí huaire ó mhaidin a chonnaic mé ag dul amach as tigh Sh. Ph. é
Ba mhór an t-íonadh muis gur fhailligh sé an fheamainn dearg inné. Dheamhan a raibh sé thíos ag an gcladach chor ar bith, th'éis nach raibh de leath-rann aige ach í le coicís
D'fhailligh mé an t-Aifreann inniu — nar ba lúide an trócaire ar Dhia é! — ingeall ar ábhairseoir d'asal a bhí ar fuaidre. Diomú Dé agus na Maighdine Muire dhó
Ná failligh anois amáireach gan a dhul soir maolabhrach go dtí é, agus fiafraí dhó (dhe) céard atá faoi a dhéanamh leat, nó cáid go gcuire sé san aspaicil (óispidéal) thú
Nach maith a bhí a fhios aca go mba é an chéad lá d'Aibreán é. Ní fhailleóidh siad sin a ngnatha. InDomhnach ní raibh a fhios agamsa cén lá de laetheanta an domhain a bhí ann