—
siléig, neamhshuim, moill srl. a dhéanamh.
+–
Ní fhailleoidh sé siúd a ghnaithe. Bhí sé ina shuí leis an réaltóig inniu — ní dhéanfaidh sé faillí ina chuid oibre
Níor fhailligh sé gan a dhul chuig na rástaí. Ba deacair é sin a chur amach ina ghnaithe muis
TUILLEADH (10) ▼
Ná failligh an litir sin. Scríobh í ar a dhul suas duit anois
Seachain an bhfailleofá do dheis. Ní móide go bhfaightheá chomh réidh aríst í — don't miss/neglect your opportunity; tapaigh do dheis
Má fhaillíonn muid an rabharta seo, dheamhan sop leasú a bheas againn le aon tsíol a chur
Ní fhailleoidh siad na damhsaí ar chaoi ar bith. M'anam nach mbeidís leath chomh soghluaiste ag dul amach ag déanamh ceann oibre eicínt
Fág ansin é. Tá breith mhaith ar an gclaise sin a chur isteach. Ach ná faillíodh muid an béilí pé ar bith céard a dhéanfas muid
Hé brí céard a dhéanfas an garraí, ní fhailleoidh sé an chuartaíocht. Trí huaire ó mhaidin a chonaic mé ag dul amach as tigh Sh. Ph. é
Ba mhór an t-ionadh muis gur fhailligh sé an fheamainn dearg inné. Dheamhan a raibh sé thíos ag an gcladach chor ar bith, théis nach raibh de leathrann aige ach í le coicís
D'fhailligh mé an t-aifreann inniu — nár ba lúide an trócaire ar Dhia é! — i ngeall ar áibhirseoir d'asal a bhí ar fuaidreamh. Diomú Dé agus na Maighdine Muire dhó
Ná failligh anois amárach gan a dhul soir maolabhrach go dtí é, agus fiafraí dhó (dhe) céard atá faoi a dhéanamh leat, nó cáid go gcuire sé san easpaicil (ospidéal) thú
Nach maith a bhí a fhios acu go mba é an chéad lá d'Aibreán é. Ní fhailleoidh siad sin a ngnaithe. I nDomhnach ní raibh a fhios agamsa cén lá de laethanta an domhain a bhí ann
failligh in iontrálacha eile (50+)
→
colg
Ar an dá luath is a chonaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin agus thug sé abhóg lena fhostú. Ach níor leisean (cat) ab fhaillí é, chuaigh sé de léim ghlanoscartha sa gcrann, agus anuas as sin ní thiocfadh sé dhá gcaiteá leis go maidin.
→
cora
An bhfuil a fhios agat cén chéad bhall a bhí romham thoir ann — M. T. Uí D. — agus mo léan níor leis ab fhaillí é gan cara chainte a chur orm.
→
bealach
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt don cheann céanna. Bhí bealach maith cheana aige i Meiriceá, agus páí mhór, agus lig sé uaidh é le cion faillí.
→
bruach
Ná bac le go dona. Murach go bhfuil sé ar bhruach na huaighe, ní fhailleodh sé ina ghnaithí anocht. Baol air siúd rud is lú ná bainis a ligean thairis!
D'ionsaigh air ag rúscadh an cheannaí (ceannaí mála) le buailteán an tsúiste, ach níor leis an gceannaí ab fhaillí é mo léan! D'fhostaigh sé an buailteán agus chuir sé cor ann gur bhris an iall le teann fuinnimh, agus tháinig an buailteán leis. Thug sé pléasc den bhuailteán d'fhear an tí ansin a shín é ina staic ar an urlár.
Thug sé ailleog bhreá phoitín dhom agus níor liomsa ab fhaillí í a chur san áit ba chóir dhi.
→
anachain
Ag comhaireamh na hanachain atá siad chuile lá san aer, ach sé a gcion faillí fhéin é — orthu fhéin atá an locht go gcailltear nó go mbasctar eallach orthu; ní thugann siad a ndóthain airdill orthu, nó ní bhreathnaíonn siad ina ndiaidh mar is ceart
+
→
anam
Nár fheice Dia fuíoll faoistin, faillí aifrinn, ná uireasa aithrí ar a anam!
TUILLEADH (1) ▼
Ná fág t'anam gan déanamh, pé ar bith cén fhaillí eile a bhainfeas duit.
→
fuadar
Ní bheadh leath oiread fudair fút ag dul chuig an aifreann. Mise i mbannaí nár mhiste leat dhá mbeifeá deireanach ag dul ansin. Ach ní fhailleoidh tú do ghnaithe má bhíonn aon phínn agat le dhul chuig an teach ósta. Is olc í do cheird muis. Diabhal bréag nach olc
+
→
faillí
Dheamhan fata a chorraigh sé as na poill anuraidh le faillí agus le siléig
TUILLEADH (21) ▼
Is iomaí faillí atá ag baint den cheann céanna. An bhfeiceann tú an teach atá aige agus gan díon deoir ann
Ní bheadh a fhios agat ab é fhéin nó an bhean is mó faillí. Ní chartfaidh sise an luaith den teallach, agus ní thabharfaidh seisean gabháil d'aon ghamhain nó go gcailltear air iad
D'fhan an méid sin sprémhóna gan tógáil i mbliana lenár gcuid faillí fhéin, mar m'anam go raibh neart ionú againn ach gur scaoil muid thar ar gcluasa í. Bíodh aice
Lig sé dhá chuid coirce titim dhá cheann anuraidh le ceann faillí. B'fhearr leis ina chodladh nó ag rámhóireacht soir agus anoir an bóthar.
Níl aon ghnaithe faillí a dhéanamh faoin scoil — gan aon lá cliseadh ón scoil; a dhul chuig an scoil acht agus áirid
Diabhal tada dhá mhúineadh sa scoil sin thiar. Tá faillí dhá dhéanamh orthu (ar na gasúir)
Ní maith an rud do dhuine muis a ghnaithe a ligean i bhfaillí (chun faillí)
Ní raibh tada i dtosach air ach drochshlaghdán, agus ligeadh i bhfaillí é gan fios a chur ar an dochtúr agus chuaigh sé in ainseal air
Dar brí an leabhair muise, níl aici an cíos a ligean i bhfaillí (gan a íoc). Má ligeann, is gearr go mbeidh an sirriam uirthi
hIarradh isteach é, agus ar ndóinín, níor leis ab fhaillí é: chuaigh sé isteach. D'airigh sé an fuisce istigh — ní dhearna sé faillí ar bith faoina dhul isteach
Fuair sé (asal) an dos tógtha as an mbearna agus níor leis ab fhaillí é gan a dhul isteach sa ngarraí agus taltú ar an gcur
Dhá bhfaighinnse aon ugach níor liom ab fhaillí é: bheinn deasaithe isteach faoin ascaill aici. Ach dheamhan ugach a fuair mé, ná cuid d'ugach
Ní tráth dhá fhaillí é, a dhuine sin. Bí amuigh. Is gearr go mbeidh sé ina dhíthrá. Ní fhanfaidh an taoille linn — tá againn crú a chur ina thosach agus an trá a thapú (le feamainn a bhaint)
"Is maith í an fhoighid ach is dona (is olc) í an fhaillí" — ba cheart do dhuine foighid mhaith a bheith aige ach gan rud a ligean i bhfaillí ná a chur siar rófhada
Ba cheart duit breathnú i ndiaidh na coise sin. Tá tú dhá buachailleacht rófhada. Is ceart di a bheith cneasaithe feasta, ach daighean cosúlacht fós uirthi. Téirigh ag an dochtúr léithe. Is maith í an fhoighid ach is olc í an fhaillí
Caithfidh foighid a bheith ag na daoine (againn) chreidim. Ní in aon lá a rinneadh an Áirc. Ach is maith í an fhoighid agus is dona í an fhaillí. Tá sé in am agam biseach a bheith orm feasta má tá aon bhiseach i ndán dom
Dheamhan ceo a thug an Government seo dhúinn ariamh agus ní cheal nár shaothraigh muid dhá chur isteach é. Ach b'fhéidir leis an aimsir go dtiocfadh maith eicínt uaidh. Tá sé ag dul buille rófhada mar sin fhéin. Is maith í an fhoighid, adeir siad, ach is dona í an fhaillí
Bhí fios na faillí agamsa ar a theacht dom — bhí a fhios agam céard a bhí romham, cén fháilte a bheadh romham, céard a tharlódh, céard a dhéanfaí liom, céard a d’iarrfaí orm, cén cleas a d'imreofaí orm srl. Deirtear fios na faille freisin leis ach níl sé baol ar chomh coitianta le fios na faillí
Dhá mbeadh fios na faillí agam, is dóigh nach ngabhfainn ann. Ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas
Ní raibh fios na faillí aige. Shíl sé nach raibh cleamhnas ar bith ann. ’Ar ndóigh dhá mbeadh a fhios aige go raibh, ní thaobhódh sé an teach ar a bhfaca sé ariamh
Dhá mbeadh fios na faillí agam ní chorróinn de mo theallach fhéin anocht. A theacht seacht míle bóthair chuig damhsa, agus gan romham ann ach cailleachaí agus seanfhir!
→
faobhar
Ba chiotach a d'fhága sé í: a fágáil ina seasamh ar a faobhar taobh istigh de chlaí. Ní raibh fios na faillí ag an bpáiste bocht nó gur mhartraigh sé é féin léithe (speal). Nach bhféadfadh sé a cur ar a béal fúithi i gClaise eicínt — rud a bheith ina seasamh i gcaoi is go mbeadh an lann nó an béal nó an chuid a mbeadh an faobhar air ag freagairt nó ag gobadh suas
→
fáth
Níor thug sé fáth ar bith dhom. M'anam dhá dtugadh nár liomsa ab fhaillí é. Bhí mé ag faire air
→
deara
'Sé an chéad uair ar thug sí faoi deara go raibh rud eicínt ag dul di an lá ar cuireadh SeanMh. Ar éigean a rinne sí an baile an lá sin le pian ghártha a tháinig ina taobh. Dhá dtéadh sí roimhe an uair sin féin, bhí aici, ach d'fhága sí mar [...] cion faillí, go dtí ráithe ina dhiaidh sin
→
deasóg
Rug sé greim deasóige orm agus shíl sé cor a chur inti. Níor liom féin ab fhaillí é. Thug mé mo sheandorna leis an gciotóig faoi pholl na cluaise dhó
→
deis
Tá sé ar dheis na glóire anocht, agus má tá féin, is maith a shaothraigh sé í. Níor lig sé faillí in aifreann ná in urnaí ariamh
Chaith muid an oíche ag dilleoireacht leis le amhrán a rá, ach dheamhan rá. Ní abródh sé tada ach ag nathaíocht leis sa gcúinne. Ní leis ab fhaillí é muise an ghloinín fuisce a ligean siar. Níor chall aon dilleoireacht a dhéanamh leis fúithi sin
→
dligh
M'anam má tá an t-airgead dlite agat, nach bhfailleoidh siad siúd ina ngnaithe. Tiocfaidh maistín de nútice (notice) chugat agus an oiread stampaí air
Má tá sé de dhliteanas ort, ní ligfidh siad siúd aon fhaillí ina ngnaithe. Tiocfaidh leota de pháipéar amach agat, agus leota agus leota eile agus próis faoi dheireadh — nó go n-íoca tú é. B'fhearr do dhuine a bheith crinnte leis an lá cairde le haghaidh rudaí den tsórt sin ná a ligint thairis. Is ag tarraingt trioblóide air fhéin a bhíos sé
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
→
dol 1
Tiocfaidh éileamh ar airgead an tí sa gcéad dol eile cíosa a bheas le n-íoc agat. Ná bíodh faitíos ort go bhfailleoidh siad siúd ina ngnaithe. Ní fhailleoidh muis. Má bhíonn dearmad ar bith orthu, ní dearmad uathu é ar aon chor
Isteach liom ag déanamh aicearra má b'fhíor dhom féin, ach ba in é an t-aicearra a fhóbair a theacht daor orm. Bhí mé siúl liom de réir mo choise trasna na páirce agus gan fios na faillí agam, nuair a chonaic mé an tarbh. Chuir sé smut air féin agus thosaigh sé ag búiriúch. Thug mé féin do na boinn é, ach níor leis-sean ab fhaillí é: thug sé an dubhscríb in mo dhiaidh. Rinne mé féin ar mhaolbhearna ach chuaigh sé idir mé agus í …