Fairsingiú
—Briathar
1.
ag cur méid nó límistéar le … ;
+–
Tá siad ag fairsingiú an bhóthair (an tí, na claise, an phortaigh, an phoill etc.)
Tá an poll atá in m'fhiacail ag fairsingiú
TUILLEADH (6) ▼
Thug mé an t-éadach ar ais aríst ag an táilliúr gur fhairsingigh sé dhom é
Ná bí ag méirínteacht leis an bpoll sin. Sén chaoi a bhfuil tú dhá fhairsingiú
Ní bheidh tarraint an uisce choichín san tóchar siúd nó go bhfairsingíthear é. Tá sé ro-chumhang mar atá sé, agus calcann chuile rud é
Dhá mbeadh an bhróig sin seachtain ar do chois d'fhairsingeódh sí
Tá mé ag ceapadh go bhfuil cuain san madadh sin. Tá sí ag fairsingiú
Dhá bhfaghadh sé uachtaí na hairí, ní fhairsingeódh a chroí = ní ghabhfadh sé chun rabairne, nó chun buige shíne
2.
ag cairiú; ag iomadú.
+–
Tá "tyreannaí bicycles" ag fairsingiú aríst. Is mór an gar é
Tá na tithe ceann slinne ag fairsniú. Is gearr go mbeidh siad fairsingithe go maith ar an mbaile seo
TUILLEADH (2) ▼
Is furasta len a luchain sin fairsingiú (bisiú) mara dteighe duine rómpa in am. An trapa an buachaill aca sin
B'fhéidir le cúnamh Dé gur gearr go bhfairsingeódh earradh, ó tá an cogadh thart