Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fairsingigh
briathar
1.
ag cur méid nó limistéar le …
+
Tá siad ag fairsingiú an bhóthair (an tí, na claise, an phortaigh, an phoill srl.)
Tá an poll atá in m'fhiacail ag fairsingiú
TUILLEADH (6) ▼
Thug mé an t-éadach ar ais aríst ag an táilliúr gur fhairsingigh sé dhom é
Ná bí ag méirínteacht leis an bpoll sin. 'Sé an chaoi a bhfuil tú dhá fhairsingiú
Ní bheidh tarraingt an uisce choíchin sa tóchar siúd nó go bhfairsingítear é. Tá sé róchúng mar atá sé agus calcann chuile rud é
Dhá mbeadh an bhróig sin seachtain ar do chois, d'fhairsingeodh sí
Tá mé ag ceapadh go bhfuil cuain sa madadh sin. Tá sí ag fairsingiú
Dhá bhfaigheadh sé uachtaí na hairí, ní fhairsingeodh a chroí — ní ghabhfadh sé chun rabairne nó chun boige shíne
2.
ag caithriú; ag iomadú.
+
tyreannaí bicycles ag fairsingiú aríst. Is mór an gar é
Tá na tithe ceann slinne ag fairsingiú. Is gearr go mbeidh siad fairsingithe go maith ar an mbaile seo
TUILLEADH (2) ▼
Is furasta lena luchain sin fairsingiú (bisiú) mura dté duine rompu in am. An trapa an buachaill acu sin
B'fhéidir, le cúnamh Dé, gur gearr go bhfairsingeodh earra ó tá an cogadh thart

fairsingigh in iontrálacha eile (7)

 
Dhá mbeadh fáideoig bharraí fhéin ag na daoine ní bheidís basctha. B'fhearr iad ar chaoi ar bith ná na coinnle atá ar an saol ó tháinig an cogadh. Bíonn siad ídithe ar an bpointe le smál. Sheasfadh fáideog achar fada. An bhfuil caint ar bith go bhfairsingeoidh ola go gairid
 
Níl a fhios ag aon duine cáide go stopa an rationáil seo. Beidh fiannaíocht air. Dheamhan é nó go bhfairsingí rudaí thar cionn aríst. Más fíor go bhfuil muintir ná dtíreannaí amach ag fáil bháis leis an ocras … Ní cás dúinn é anseo, agus greim ar bith a fháil
 
Cuirfidh muid uisce thríd (fuisce) agus fairsingeoidh sé é. Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh, adeir siad
 
abair
Deir siad anois gur gearr go bhfairsingí an tae
 
dia 1
Is mór an tslí chun Dé an cogadh a bheith thart. B'fhéidir go bhfairsingíodh rud eicínt anois
 
droim
Dhá bhfairsingíodh na heasógaí chuirfidís droim díbeartha ar na luchain agus ar na francaigh. Deirimse leat gur beag an luch ná an fhrancach a lonnós san áit a mbeidh siad sin
 
drámh
Go bhféacha Mac Dé ort fhéin agus ar do chapall diallaite anois. Tá siad faoi dhrámh amach is amach ó d'fhairsingigh na busannaí. Ní fhaca mé aon fhear ag éirí i ndiallait le mo chuimhne ach P. Mh. Mh., agus shílfeá go bhfuil sé caite in aer aige sin féin anois