Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fallaing
/faʟəɴ′/
Ainmfhocal; Buineann
Uimhir Iolraidh: fallaingeachaí
píosa mór éadach olla ar dhéanamh pluide, le deasú timpeall na colainne taobh amuigh i leabaidh seál nó cóta mór nó clóca. Ar mhná a bhídís ag dul chun an Aifrinn, chun an tsiopa etc. Is beag ceann aca atá le feiceál anois, cé go raibh siad tréan go leór chúig bhliana fichead ó shoin, nó achar níos lú ná sin. Dhaití dubh na fallaingeacha le dúch nó ruaim. Baill an-teólaí a bhí ionta, ach heiríodh as a gcaitheamh ar fad.
+
Dar m'fhallaing tá an t-ádh ort = dar príosta tá an t-ádh ort
Dar m'fhallaing muise mar a dteaga sé, beidh scéal aige air
TUILLEADH (1) ▼
'm'fhallaing duit gurb shin é an t-airgead a fuair mé gan cianóg chuige ná uaidh

Fallaing in iontrálacha eile (1)

 
anuas
Anuas faoi na mullach agus aniar faoi na brághaid a bhí an fhallaing uirre.