Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fallaing
/faʟəɴ′/
ainmfhocal, baineann
uimhir iolra: fallaingeachaí
píosa mór éadach olla ar dhéanamh pluide le deasú timpeall na colainne taobh amuigh i leaba seál nó cóta mór nó clóca. Ar mhná a bhídís ag dul chun an aifrinn, chun an tsiopa srl. Is beag ceann acu atá le feiceáil anois, cé go raibh siad tréan go leor chúig bhliana fichead ó shin, nó achar níos lú ná sin. Dhaití dubh na fallaingeacha le dúch nó ruaim. Baill an-teolaí a bhí iontu, ach héiríodh as a gcaitheamh ar fad.
+
Dar m'fhallaing tá an t-ádh ort — dar príosta tá an t-ádh ort
Dar m'fhallaing muise mura dteaga sé, beidh scéal aige air
TUILLEADH (1) ▼
M'fhallaing duit gurb in é an t-airgead a fuair mé gan cianóg chuige ná uaidh

fallaing in iontrálacha eile (1)

 
anuas
Anuas faoina mullach agus aniar faoina bráid a bhí an fhallaing uirthi.