Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Faobhar
Ainmfhocal: Fireann
Geiniúnach Uathaidh agus Ainmneach Iolraidh: faobhair
Fuaim: /fīwər/; ach /f′īwər/ in áiteachaí agus ag daoine; /fɛ̄wər/ in amhráin agus i leagain áiride
1.
géireadas, géarú.
a.
+
Bhí sé ag cur faobhar ar scian = ag géarú
Ag cur fhaobhair a bhí sé rómham
TUILLEADH (9) ▼
Níl a fhios agad le aon-fhaobhar a chur
Is beag an faobhar a iarrfas an rásúr sin an "turn" seo. Ní bhainfidh mé di ach an barr marbh (den fheasóig). Má bhímse bearrha maoilscríobach féin, cé a bhéas ag breathnú orm?
Dhá mbeinnse léithe go deó, ní ghlacfadh sí (rásúr) aon-fhaobhar uaim
Ní furasta leis an speal chéanna faobhar a ghlacadh
Is mó an faobhar a thastaíos uaithe seo ná ó do spealsa, mar is tanuíocha í
Is dona uait faobhar a chur suas
Má bhíonn tú ag cur suas fhaobhair choíchin cuir an speal ar do dheis i dtosach
Níl sí ach th'éis faobhar a dhul uirre = anois a cuireadh faobhar uirre
Ní dheachaidh aon-fhaobhar uirre le chúig bháighe
+
Dá mhine ghéire dhá gcuirfidh tú faobhar uirre annsiúd (speal), beidh an faobhar caite aice ar an toirt aríst. Bainfidh buin chréachtachaí agus feadógaí di é
Tá an faobhar caite ag an scian seo = tá sí maol aríst
TUILLEADH (1) ▼
Chaithfeadh an léana féir sin an faobhar ab'fhearr beó
+
Ní raibh d'fhaobhar uirre (rásúr) ach go scríobfadh sí mo leiceann, agus go raibh sí indon gearraíochaí a chur suas
Bhearrfadh sí an olann ar bharr an uisce le faobhar (le teann faobhair agus rl.)
TUILLEADH (5) ▼
San bhfaobhar atá baint an fhéir = ní maith spealadóir gan faobhar
Níl coinneál an fhaobhair san rásúr sin chor ar bith
Cuirtear faobhar ar speal nuair a bhíos móinéar críochnuithe = is gnás é
Bhí faobhar féir ar an speal nuair a thuit sé uirre = faobhar le dhul ag baint fhéir
Tá faobhar rásúir ar an scian seo
·
Cuirfidh sé siúd foghairt (fogairt) agus faobhar uirre (rásúr, speal etc.)
Tá foghairt agus faobhar uirre anois. Breathnuigh an bhfeicfidh tú a mbioróidh sí dhuit anois iad (scoilb)
+
Tá faobhar chlaimhe Oscair a mharódh trí chéad ar a aghaidh, trí chéad ar a chúl, agus trí chéad ar gach taebh dhe, ar an rásúr seo = macalla ón bhFiannaíocht é seo, agus cuid de na somplaí eile seo. Maireann siad san gcaint go fiú agus ag daoine nar chuala mórán den fhianaíocht
Cuir faobhar chlaimhe Oscair ar an speal sin anois
TUILLEADH (4) ▼
Sén faobhar a chuir Céatach ar a chlaimhe: faobhar 'un bearrha, faobhar 'un gearrha (faobhar chun sáite freisin)
Trí fhaobhar agus treas-fhaobhar = faobhar 'un bearrha, faobhar 'un gearrha, faobhar 'un treas, agus treas-fhaobhar (seóraí sna scéalta faoi fhaobhar. Bíonn sé ag daoine nach mbeadh na scéalta féin aca, agus ag cuid nar chuala ariamh iad)
Níl a fhios agam cé a chuirfeas faobhar 'un sáite, faobhar 'un bearrha ar mo rásúr. Nach mé atá in mo chír thuaifill nach bhfuil faobhar agam fhéin
Chuir tú faobhar 'un gearrha uirre (rásúr) ceart go leór ach níor chuir tú faobhar 'un bearrha uirre = bhí an oiread géireadais san rásúr agus go raibh sí dhá ghearradh, ach ní raibh sí indon a bhearrha
+
Níl aon-mhaith i spealadóir mara bhfuil faobhar aige (gan faobhar) = mara bhfuil a fhios aige le speal a ghéarú ceart
Tá an-fhaobhar ag S.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan faobhar rásúir aige pérbith céard a dhéanfas sé le faobhar féir
Tá faobhar aige a bhearrfadh an olann ar bharr an uisce
+
"Bíonn chuile fhaobhar ag dul 'un sochair, agus gan faobhar ar bith ag dul 'un dochair" = deirtear gurb é Samson adúirt idtosach é
Dúirt Samson go raibh chuile fhaobhar ag dul chun sochair agus gan faobhar ar bith ag dul chun dochair. M'anam muise gur un dochair atá siad ag dul annseo = chuir sé an iomarca faobhair ar scian, agus ghearr sí a láimh
TUILLEADH (1) ▼
Faobhar a bhaineas féar, adeir an Chailleach Béara. "Thug tú éitheach" a chailleach", adeir an buachaill, "ní hea, ach fear maith agus speal ghéar". = bhí sí ag fonóid faoi, mar bhí súil aice, go mbeadh call faobhair dó chuile phuinnte, arae bhí spílí cruadhaí sáite roimhe san mbáighe aice; is leathfhocal é caint na Caillí Béara le linn spealadóireacht
b.
·
"Muileata mael agus faebhar air" = deirtear é ag imirt chártaí. Is leathfhocal é. Fuaimeanna "ae" i gcomhnaí ann
c.
+
An bhfaca tú an chloch fhaobhair = cloch líofa; cloch le faobhar a chur ar spealta etc.
D’íosfadh sé an chloch fhaobhair = tá an ghearradh ghionnach air; tá sé ocrach, mór thráthach
TUILLEADH (3) ▼
Is galra é nach gcaithfidh tú tada chomh uain's a bhéas sé ort, ach d'íosfá an chloch fhaobhair agus thú ag fáil bhisigh
D'íosfadh an sean-asal sin an chloch fhaobhair. Níor fhága sé fata ná meaingil ar an tsráid aréir, agus nuair a chinn an saol air, nar ith sé an tuí as an tsrathair! Tuilleadh diabhail aige muis, dhá mbeirinnse air, gheobhadh sé cláradh!
D'íosfadh an ceann céanna an chloch fhaobhair agus d'ólfadh sé an chloch íochtair de Ghaillimh
d.
"deimheas"; coin.
+
Tá faobhar ar an dimheas aice i gcomhnaí = tá dimheas uirre i gcomhnaí; tá sí géar greamannach in a teanga; tá bior uirre
Nach aice atá an faobhar ar a dimheas i gcomhnaí. B'fhearr leigean di sin
TUILLEADH (2) ▼
M'anam dhá fheabhas in do chainteóir tú go dtiúrfaidh sé siúd cor in aghaidh an choir, agus cam in aghaidh an chaim duit. Tá faobhar ar an dimheas aige siúd
Tá faobhar ar a theanga = é greamannach, cointeach, rosc an fhile air
2.
béal lainne (rásúr, speal etc.); an taobh nó an barr géar de rud.
+
Ba chiotach a d'fhága sé í: a fágáil in a seasamh ar a faobhar taobh istigh de chlaidhe. Ní raibh fios na faillí ag an bpáiste bocht nó gur mhartruigh sé é féin léithe (speal). Nach bhféadfadh sé a cur ar a béal fúithe i gClaise eicínt = rud a bheith in a seasamh i gcaoi agus go mbeadh an lann nó an béal nó an chuid a mbeadh an faobhar air ag freagairt nó ag gobadh suas
Chuir sé scian in a seasamh ar a faobhar i siunta an bhoird, agus gan aníos di, ach a barr. Bhí a fhios aige gur uirre a shuidhfeadh an ceann eile cho luath agus a thiocfadh sé isteach
TUILLEADH (6) ▼
Chuir sé táirne ar a fhaobhar aníos thríd an gcathaoir. Níor fhága sé liobar leathair ná fíonnaigh ar thóin N.: ó'n oíche sin amach níor leig N. aon-lucht cuart isteach. Bhí sé in a bhuthae aca. B'fhada a chaith sé ag fuasaoid a thónach
Cuirfidh muid glaicín "tacks" ar a bhfaobhar anois san tuighe. Is uirre a chaithfeas sé é féin ar an dá luath agus a dtiocfaidh sé
Iasc ar bith a bhfuil a chuid lannachaí mar sin air, agus iad in a seasamh ar a bhfaobhar, is contúirt é le breith air = colg ar na lannachaí; an taobh géar dhíob aníos
Bhí an ionga in a seasamh ar a faobhar aige = gliomach
Thuit sé glan ar an bhfaobhar = thuit sé ar bhéal na speile
Tiúrfaidh mé foghairt agus faobhar na speile aniar i gcinc an mhuiníl dhuit mara ndúine tú do chlab
3.
gearradh; bís, díocas.
+
Tá faobhar air ag faire ort = bís, díocas, é beo-phianta ag faire ort
Bíonn faobhar ar an madadh sin ó aireós sé an béilí dhá réiteach
TUILLEADH (6) ▼
Nach air atá an faobhar oibre, (troda, bréaga, géaraíochta, damhsa, iascaigh, fólaime, ite, óil etc.) = saint ionta, é connach chuca
Tá gaoth ann anocht a bhfuil faobhar uirre
Tá faobhar cúirtéaracht' air = rachmall
Tá faobhar air nó go mbaine sé sásamh amach = ní beó é, nó ...
Tá faobhar air annsiúd thuas ag baint mhóna = é i muinín a chroí agus a chruite ag baint
Nach air a bhíos an faobhar ag caint! = bíonn an díle cainte air

Féach freisin

Faobhar in iontrálacha eile (12)

 
focal
Tá ag chuile dhuine a laghad agus a fhéadfas sé de phlé a bheith aige le cúirteanna. Béarfar ar fhocal ort ann nó's maith a chruthós tú. Tá dlíodóirí annsiúd agus faobhar orra ag faire ar chuile fhocal a thiocfas as do bhéal nó go n-aimsighe siad é. Nach bhfuil a fhios agam é
 
Freagraíocht treasna a bhí ann i gcaitheamh na hoíche ag an mbeirt. Go deimhin níl roghain na díogha le bhaint as an gcúpla céanna. An faobhar céanna atá ar 'chaon duine aca
 
crinn
Tá sceanna aca(b) siúd chomh géaruighthe a mhic ó, a's go gcrínnidis an cnáimh, ní áirmhighim thú 'sháthadh. Sin iad ar chuma ar bith a chuirea(nn)s 'an faobhar 'un sáithte' ar a gcuid sceanna.
 
Tugann an gabha foghairt don "drill". Coinníonn sé dhá chur síos agus aníos san uisce, nó go mbíonn foghairt ann. Ní leigeann an fhoghairt don fhaobhar maolú. Ní imeóidh an géireadas as má bhíonn fabhairt ann. Ní theigheann foghairt ar bith igcrúdh. Cuireann sé san uisce é, ach má chuireann féin, ní chuireann sé aon-fhoghairt ann. Ní bhíonn aon-chall dó leis. I gcruach a theigheas foghairt = foghairt a chur i gcruaigh: to temper steel
 
Níl aon-uair dhá dteighim ag gearradh tobac leis an scian sin nach bhfuilím orm fhéin. Tá faobhar rásúir uirre
 
danra
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha cairthighthe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas is' chaon dara sracadh; arae tá sé bratthuighthe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealuighthe amach as. Diabhal mórán féir a bhéas dhá bharr siúd
 
Tá faobhar ar a deimheas aice anois. Feicfidh tú píosa sciolladóireacht annseo roimh an oíche, nachar chuala tú a leithide ariamh má ionnsuigheann sí féin agus an rúisc thuas a chéile. M'anam, nach hí an ribín réidh í an bhean thuas muise ach an oiread leis an gceann síos, má bheodhuigheann sí féin amach 'un siúite. Bhí an chéad eádradh de'n achrann seo [...] indé … Cearca 'd'eile … nach hé an sionnach a fhéadfas a [...] a dhéanamh fútha!
 
deis
Is deacair deis spealadóireacht' a fháil anois. Tá clocha faobhar ar a ghainne freisin cho maith le spealta
 
deoch 1
'Ar ndú, ní fhuilneochadh aonduine é marach an deoch shuain. Cé'n chaoi a bhfuilneochadh!: sceana agus seacht bhfaobhar orra ag déanamh spólaí de do bholg! Beannacht Dé dhuit!
 
Bíonn dhá bhrat de na giúirinneachaí sin féin ann. Is beag an mhísc a ghníos an chéad-bhrat chor ar bith mar ní bhíonn faobhar ar bith ar na fiacla aca; ach tuiteann siad sin, agus aimsigheann an darna brat annsin é (an t-adhmad). Sin iad na buachaillí aige!
+
droch-
Tá droch-fhaobhar agad (gan a bheith indon speal, rásúr, scian, ná eile a ghéarú go maith)
TUILLEADH (1) ▼
Faobhar a bhaineas féar adeir an Chailleach Bhéara. Is gearr a sheasfá-sa di. Tá droch-fhaobhar críochnuithe agad