faobhar
—ainmfhocal, fireann
—ginideach uatha agus ainmneach iolra: faobhair
—fuaim: /fīwər/; ach /f′īwər/ in áiteachaí agus ag daoine; /fɛ̄wər/ in amhráin agus i leagain áiride
1.
géaradas, géarú.
a.
+–
Bhí sé ag cur faobhar ar scian — ag géarú
Ag cur fhaobhair a bhí sé romham
TUILLEADH (9) ▼
Níl a fhios agat le aon fhaobhar a chur
Is beag an faobhar a iarrfas an rásúr sin an turn seo. Ní bhainfidh mé di ach an barr marbh (den fhéasóig). Má bhímse bearrtha maolscríobach féin, cé a bheas ag breathnú orm?
Dhá mbeinnse léithe go deo, ní ghlacfadh sí (rásúr) aon fhaobhar uaim
Ní furasta leis an speal chéanna faobhar a ghlacadh
Is mó an faobhar a theastaíos uaithi seo ná ó do spealsa, mar is tanaíocha í
Is dona uait faobhar a chur suas
Má bhíonn tú ag cur suas fhaobhair choíchin cuir an speal ar do dheis i dtosach
Níl sí ach théis faobhar a dhul uirthi — anois a cuireadh faobhar uirthi
Ní dheachaigh aon fhaobhar uirthi le chúig bhá
+–
Dá mhine ghéire dhá gcuirfidh tú faobhar uirthi ansiúd (speal), beidh an faobhar caite aici ar an toirt aríst. Bainfidh buin chréachtachaí agus feadógaí di é
Tá an faobhar caite ag an scian seo — tá sí maol aríst
TUILLEADH (1) ▼
Chaithfeadh an léana féir sin an faobhar ab fhearr beo
+–
Ní raibh d'fhaobhar uirthi (rásúr) ach go scríobfadh sí mo leiceann agus go raibh sí in ann gearraíochaí a chur suas
Bhearrfadh sí an olann ar bharr an uisce le faobhar (le teann faobhair srl.)
TUILLEADH (5) ▼
Sa bhfaobhar atá baint an fhéir — ní maith spealadóir gan faobhar
Níl coinneáil an fhaobhair sa rásúr sin chor ar bith
Cuirtear faobhar ar speal nuair a bhíos móinéar críochnaithe — is gnás é
Bhí faobhar féir ar an speal nuair a thit sé uirthi — faobhar le dhul ag baint fhéir
Tá faobhar rásúir ar an scian seo
·
Cuirfidh sé siúd foghairt agus faobhar uirthi (rásúr, speal srl.)
Tá foghairt agus faobhar uirthi anois. Breathnaigh an bhfeicfidh tú an mbioróidh sí dhuit anois iad (scoilb)
+–
Tá faobhar chlaimhe Oscair a mharódh trí chéad ar a aghaidh, trí chéad ar a chúl, agus trí chéad ar gach taobh dhe, ar an rásúr seo — macalla ón bhFiannaíocht é seo agus cuid de na samplaí eile seo. Maireann siad sa gcaint go fiú is ag daoine nár chuala mórán den Fhiannaíocht
Cuir faobhar chlaimhe Oscair ar an speal sin anois
TUILLEADH (4) ▼
'Sé an faobhar a chuir Céatach ar a chlaimhe: faobhar chun bearrtha, faobhar chun gearrtha (faobhar chun sáite freisin)
Trí fhaobhar agus treasfhaobhar — faobhar chun bearrtha, faobhar chun gearrtha, faobhar chun treas, agus treasfhaobhar (seoraí sna scéalta faoi fhaobhar. Bíonn sé ag daoine nach mbeadh na scéalta féin acu agus ag cuid nár chuala ariamh iad)
Níl a fhios agam cé a chuirfeas faobhar chun sáite, faobhar chun bearrtha ar mo rásúr. Nach mé atá in mo chír thuaifil nach bhfuil faobhar agam fhéin
Chuir tú faobhar chun gearrtha uirthi (rásúr) ceart go leor ach níor chuir tú faobhar chun bearrtha uirthi — bhí an oiread géaradais sa rásúr agus go raibh sí dhá ghearradh, ach ní raibh sí in ann a bhearrtha
+–
Níl aon mhaith i spealadóir mura bhfuil faobhar aige (gan faobhar) — mura bhfuil a fhios aige le speal a ghéarú ceart
Tá an-fhaobhar ag S.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan faobhar rásúir aige pé ar bith céard a dhéanfas sé le faobhar féir
Tá faobhar aige a bhearrfadh an olann ar bharr an uisce
+–
"Bíonn chuile fhaobhar ag dul chun sochair agus gan faobhar ar bith ag dul chun dochair" — deirtear gurb é Samson adúirt i dtosach é
Dúirt Samson go raibh chuile fhaobhar ag dul chun sochair agus gan faobhar ar bith ag dul chun dochair. M'anam muise gur chun dochair atá siad ag dul anseo — chuir sé an iomarca faobhair ar scian agus ghearr sí a láimh
TUILLEADH (1) ▼
Faobhar a bhaineas féar adeir an Chailleach Béarra. 'Thug tú éitheach a chailleach,' adeir an buachaill, 'ní hea, ach fear maith agus speal ghéar' — bhí sí ag fonóid faoi, mar bhí súil aici go mbeadh call faobhair dó chuile phointe, arae bhí spílí cruaí sáite roimhe sa mbá aice; is leathfhocal é caint na Caillí Béarra le linn spealadóireacht
b.
·
"Muileata maol agus faobhar air" — deirtear é ag imirt chártaí. Is leathfhocal é. Fuaimeanna ae i gcónaí ann
c.
+–
An bhfaca tú an chloch fhaobhair — cloch líofa; cloch le faobhar a chur ar spealta srl.
D'íosfadh sé an chloch fhaobhair — tá an ghearradh ghionach air; tá sé ocrach, mórthráthach
TUILLEADH (3) ▼
Is galra é nach gcaithfidh tú tada chomhuain is a bheas sé ort, ach d'íosfá an chloch fhaobhair agus thú ag fáil bhisigh
D'íosfadh an seanasal sin an chloch fhaobhair. Níor fhága sé fata ná meaingeal ar an tsráid aréir, agus nuair a chinn an saol air, nár ith sé an tuí as an tsrathair! Tuilleadh diabhail aige muis, dhá mbeirinnse air, gheobhadh sé cláradh!
D'íosfadh an ceann céanna an chloch fhaobhair agus d'ólfadh sé an chloch íochtair de Ghaillimh
d.
deimheas; coin.
+–
Tá faobhar ar an deimheas aici i gcónaí — tá deimheas uirthi i gcónaí; tá sí géar greamannach ina teanga; tá bior uirthi
Nach aici atá an faobhar ar a deimheas i gcónaí. B'fhearr ligean di sin
TUILLEADH (2) ▼
M'anam dhá fheabhas in do chainteoir tú go dtabharfaidh sé siúd cor in aghaidh an choir agus cam in aghaidh an chaim duit. Tá faobhar ar an deimheas aige siúd
Tá faobhar ar a theanga — é greamannach, cointeach, rosc an fhile air
2.
béal lainne (rásúr, speal srl.); an taobh nó an barr géar de rud.
+–
Ba chiotach a d'fhága sé í: a fágáil ina seasamh ar a faobhar taobh istigh de chlaí. Ní raibh fios na faillí ag an bpáiste bocht nó gur mhartraigh sé é féin léithe (speal). Nach bhféadfadh sé a cur ar a béal fúithi i gClaise eicínt — rud a bheith ina seasamh i gcaoi is go mbeadh an lann nó an béal nó an chuid a mbeadh an faobhar air ag freagairt nó ag gobadh suas
Chuir sé scian ina seasamh ar a faobhar i siúnta an bhoird agus gan aníos di ach a barr. Bhí a fhios aige gur uirthi a shuífeadh an ceann eile chomh luath agus a thiocfadh sé isteach
TUILLEADH (6) ▼
Chuir sé tairne ar a fhaobhar aníos thríd an gcathaoir. Níor fhága sé liobar leathair ná fíonnaigh ar thóin N.: ón oíche sin amach níor lig N. aon lucht cuarta isteach. Bhí sé ina bhothae acu. B'fhada a chaith sé ag fuasaoid a thónach
Cuirfidh muid glaicín tacks ar a bhfaobhar anois sa tuí. Is uirthi a chaithfeas sé é féin ar an dá luath is a dtiocfaidh sé
Iasc ar bith a bhfuil a chuid lannachaí mar sin air agus iad ina seasamh ar a bhfaobhar, is contúirt é le breith air — colg ar na lannachaí; an taobh géar dhíobh aníos
Bhí an ionga ina seasamh ar a faobhar aige — gliomach
Thit sé glan ar an bhfaobhar — thit sé ar bhéal na speile
Tabharfaidh mé foghairt agus faobhar na speile aniar i gcinc an mhuiníl dhuit mura ndúna tú do chlab
3.
gearradh; bís, díocas.
+–
Tá faobhar air ag faire ort — bís, díocas, é beophianta ag faire ort
Bíonn faobhar ar an madadh sin ó aireos sé an béilí dhá réiteach
TUILLEADH (6) ▼
Nach air atá an faobhar oibre (troda, bréaga, géaraíochta, damhsa, iascaigh, foghlama, ite, óil srl.) — saint iontu, é conach chucu
Tá gaoth ann anocht a bhfuil faobhar uirthi
Tá faobhar cúirtéireachta air — rachmall
Tá faobhar air nó go mbaine sé sásamh amach — ní beo é, nó …
Tá faobhar air ansiúd thuas ag baint mhóna — é i muinín a chroí agus a chruite ag baint
Nach air a bhíos an faobhar ag caint! — bíonn an díle cainte air
Féach freisin
faobhar in iontrálacha eile (11)
→
focal
Tá ag chuile dhuine a laghad agus a fhéadfas sé de phlé a bheith aige le cúirteanna. Béarfar ar fhocal ort ann nó is maith a chruthós tú. Tá dlíodóirí ansiúd agus faobhar orthu ag faire ar chuile fhocal a thiocfas as do bhéal nó go n-aimsí siad é. Nach bhfuil a fhios agam é
Freagraíocht trasna a bhí ann i gcaitheamh na hoíche ag an mbeirt. Go deimhin, níl roghain na díogha le bhaint as an gcúpla céanna. An faobhar céanna atá ar chaon duine acu
→
crinn
Tá sceana acub siúd chomh géaraithe a mhic ó, agus go gcrinnidís an cnáimh, ní áirím thú a shá. Sin iad ar chuma ar bith, a chuireanns an faobhar chun sáite ar a gcuid sceana.
Tugann an gabha foghairt don drill. Coinníonn sé dhá chur síos is aníos san uisce nó go mbíonn foghairt ann. Ní ligeann an fhoghairt don fhaobhar maolú. Ní imeoidh an géaradas as má bhíonn foghairt ann. Ní théann foghairt ar bith i gcrú. Cuireann sé san uisce é, ach má chuireann féin, ní chuireann sé aon fhoghairt ann. Ní bhíonn aon chall dó leis. I gcruach a théas foghairt — foghairt a chur i gcruaigh: to temper steel
→
fuiligh
Níl aon uair dhá dtéim ag gearradh tobac leis an scian sin nach bhfuilím orm fhéin. Tá faobhar rásúir uirthi
→
danra
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha caithrithe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas i chaon dara sracadh; arae tá sé brataithe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealaithe amach as. Diabhal mórán féir a bheas dhá bharr siúd
→
deimheas
Tá faobhar ar a deimheas aici anois. Feicfidh tú píosa sciolladóireacht anseo roimh an oíche, nár chuala tú a leithide ariamh, má ionsaíonn sí féin agus an rúisc thuas a chéile. M'anam, nach í an ribín réidh í an bhean thuas muise ach an oiread leis an gceann síos, má bheoíonn sí féin amach chun siúite. Bhí an chéad eadra den achrann seo [...] inné … Cearca deile … nach é an sionnach a fhéadfas a [...] a dhéanamh fúthu!
→
deis
Is deacair deis spealadóireachta a fháil anois. Tá clocha faobhar ar a ghainne freisin chomh maith le spealta
→
deoch 1
Ar ndóigh, ní fhoilneodh aon duine é murach an deoch shuain. Cén chaoi a bhfoilneodh! Sceana agus seacht bhfaobhar orthu ag déanamh spólaí de do bholg! Beannacht Dé dhuit!
→
diúirinn
Bíonn dhá bhrat de na giúirinneachaí sin féin ann. Is beag an mhísc a ghníos an chéad bhrat chor ar bith mar ní bhíonn faobhar ar bith ar na fiacla acu; ach titeann siad sin, agus aimsíonn an darna brat ansin é (an t-adhmad). Sin iad na buachaillí aige!
→
droch-
Faobhar a bhaineas féar adeir an Chailleach Bhéarra. Is gearr a sheasfása di. Tá drochfhaobhar críochnaithe agat