Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Faobharach
Aidiacht
a.
géar, greamannach.
·
Tá an gaoth adtuaidh sin faobharach = géar gaimhiúil
b.
connach, díocasach, beophianta, líofa.
+
Tá sé faobharach 'un troda = fonn troda air
Bíonn sé siúd faobharach san ngarraí = forú nó deifir air; é cantalach
TUILLEADH (5) ▼
Beidh sé faobharach mara dtugtar chuige an tsluasaid sin anocht = beidh sé le báiní
Dhá fhaobharaí dhá raibh sé ag teacht, ba sheacht bhfaobharaí ag imeacht é = dhá mhéid olc, cuthach, cantail fonn troda dhá raibh air ag teacht ba sheacht measa ag imeacht é
"Chuir sé an chailleach isteach i mainistir mór agus thug sé teine do cheithre roithleánaí na mainistreach. Dhá fhaobharaí dhá raibh sí ag dul isteach, ba sheacht bhfaobharaí a bhí sí ag teacht amach di" = ba mhó faoi sheacht an dúil a bhí aice a dhul ag troid (as scéal: An Ridire Gaisce: Seán Mhac Confhaola, an Cheathrú Ruadh)
Dhá fhaobharaí é T. b'fhéidir go gceannsódh an áit siúd é = dhá bhainte amach dhá bhfuil sé chun achrainn
Is faobharaí go mór an mac chuig an obair ná an t-athair = is líofa é