Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
faobhrach
aidiacht
a.
géar, greamannach.
·
Tá an gaoth aduaidh sin faobhrach — géar goimhiúil
b.
conach, díocasach, beophianta, líofa.
+
Tá sé faobhrach chun troda — fonn troda air
Bíonn sé siúd faobhrach sa ngarraí — furú nó deifir air; é cantalach
TUILLEADH (5) ▼
Beidh sé faobhrach mura dtugtar chuige an tsluasaid sin anocht — beidh sé le báiní
Dhá fhaobhraí dhá raibh sé ag teacht, ba sheacht bhfaobhraí ag imeacht é — dhá mhéid olc, cuthach, cantail, fonn troda dhá raibh air ag teacht, ba sheacht measa ag imeacht é
"Chuir sé an chailleach isteach i mainistir mór agus thug sé tine do cheithre roithleánaí na mainistreach. Dhá fhaobharaí dhá raibh sí ag dul isteach, ba sheacht bhfaobhraí a bhí sí ag teacht amach di" — ba mhó faoi sheacht an dúil a bhí aici a dhul ag troid (as scéal: An Ridire Gaisce, Seán Mhac Confhaola, an Cheathrú Rua)
Dhá fhaobhraí é T., b'fhéidir go gceansódh an áit siúd é — dhá bhainte amach dhá bhfuil sé chun achrainn
Is faobhraí go mór an mac chuig an obair ná an t-athair — is líofa é