Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Faosc
Briathar
rud a fhágáil ag bruth nó go mbeadh sé cnagbhruithe nó allbhog; an chéad fhiuchadh a bhaint as rud; rud a fhágáil ag bruth nó go dteaga cúr bán air.
+
Má thugann tú aon-fhata don bhó sin, tabhair faoscadh beag orra. Ní ghabhfadh fataí fuara go maith di anois
Faoscann muid na fataí i gcomhnaí do na laoghanntaí.
TUILLEADH (8) ▼
Tá siad sách faoscha má tá an cúr bán orra. Caith aníos iad
Bain faoscadh eile as an gcóilis sin. Níl sí sách bruithe ná baol air fós
D'fhaosc sí na báirne san bpota. Deir siad gur an-bheatha iad sin: báirne faoscha.
Ní bhaineann siad asta ach an chéad-fhiuchadh: a bhfaoscadh ar éigin. Sin é an méid
Fág annsin iad. Níl leath-bhruth orra fós. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil an cúr bán féin orra. Níor fhaosc siad chor ar bith
Séard atá agad a dhéanamh an t-iasc sin a chaitheamh síos i gcúr na bhfataí agus bainfidh sin an goirteamas uiliog as. Níl ag an iasc sin ach faoscadh beag. Ólfaidh sib an abhainn má bhruitheann sib ar aghaidh féin é
Ní mór dhuit dhá fhaoscadh féin a bhaint asta sin. Tá siad do-bhruithe go leor. Níl a fhios agam cén sórt fataí chor ar bith iad. Mara bhfagha siad bruth thar cionn, bíonn rológaí istigh ionta mar a bheadh i gcáca
Ar faoscadh na turnapaí seo chor ar bith. Ní hé a gcosúlacht gur faoscadh.