Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
faoisc
briathar
rud a fhágáil ag bruith nó go mbeadh sé cnagbhruite nó alabhog; an chéad fhiuchadh a bhaint as rud; rud a fhágáil ag bruith nó go dteaga cúr bán air.
+
Má thugann tú aon fhata don bhó sin, tabhair faoisceadh beag orthu. Ní ghabhfadh fataí fuara go maith di anois
Faoisceann muid na fataí i gcónaí do na laontaí.
TUILLEADH (8) ▼
Tá siad sách faoiscthe má tá an cúr bán orthu. Caith aníos iad
Bain faoisceadh eile as an gcóilis sin. Níl sí sách bruite ná baol air fós
D'fhaoisc sí na bairnigh sa bpota. Deir siad gur an-bheatha iad sin: bairnigh faoiscthe.
Ní bhaineann siad astu ach an chéad fhiuchadh: a bhfaoisceadh ar éigean. Sin é an méid
Fág ansin iad. Níl leathbhruith orthu fós. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil an cúr bán féin orthu. Níor fhaoisc siad chor ar bith
Séard atá agat a dhéanamh an t-iasc sin a chaitheamh síos i gcúr na bhfataí agus bainfidh sin an goirteamas uileag as. Níl ag an iasc sin ach faoisceadh beag. Ólfaidh sibh an abhainn má bhruitheann sibh ar a aghaidh féin é
Ní mór dhuit dhá fhaoisceadh féin a bhaint astu sin. Tá siad dobhruite go leor. Níl a fhios agam cén sórt fataí chor ar bith iad. Mura bhfaighe siad bruith thar cionn, bíonn rollógaí istigh iontu mar a bheadh i gcáca
Ar faoisceadh na tornapaí seo chor ar bith. Ní hé a gcosúlacht gur faoisceadh.