—
madaralla (madaralla a tugtar anois ar wolf, ach tá faolchú ag Gaeilgeóirí maithe fós. Is beag mar sin fhéin nach bhfuil sé seirghe ach mar creachadóir, sladthóir, Sasanach, seóinín).
a.
·
Faolchú: sin madarallta: madadh fíáin. Bhídís as éadan annseo fadó. Nachar chuala tú faoin bhfear a bhí thuas ag Cloch an Ch … ? /
b.
Sasanaigh; seoiníní; creachadóirí, sladthóirí.
+–
Is tinne na Faolchoin in Éirinn anois ná ariamh = na Sasanaigh nó gabhláin Shasana, nó Éireannaigh a ghabhfadh in a bpáirt
Tá lóchrann ar an gcroí ag na faolchoin gur bhuadh Sasana an cogadh. M'anam nach mórán áirge lucht airgid annseo féin. Bhíodh fuile faile fútha ag imeacht faitíos go n-eireódh tada dhá gcuid airgid
TUILLEADH (1) ▼
Tá na faolchointe daingnithe isteach go maith i gCúig Uladh fós. Tá cuasnóig aca annsin a mhic ó mo chroí. Cinnfidh sé ar Debhelera iad a scagadh amach as choichín. M'anam go dtiúrfaidh sé cnáimh le crinneadh dó dhá fheabhas é.