Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
faolchú
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na faolchon.
uimhir iolra: faolchoin, faolchointe
madra alla. Madra alla a tugtar anois ar wolf, ach tá faolchú ag Gaeilgeoirí maithe fós. Is beag mar sin fhéin nach bhfuil sé seargtha ach mar creachadóir, sladóir, Sasanach, seoinín.
a.
·
Faolchú: sin madra allta: madadh fíáin. Bhídís as éadan anseo fadó. Nár chuala tú faoin bhfear a bhí thuas ag Cloch an Ch … ?
b.
Sasanaigh; seoiníní; creachadóirí, sladóirí.
+
Is teinne na faolchoin in Éirinn anois ná ariamh — na Sasanaigh nó gabhláin Shasana, nó Éireannaigh a ghabhfadh ina bpáirt
Tá lóchrann ar an gcroí ag na faolchoin gur bhuaigh Sasana an cogadh. M'anam nach mórán áirge lucht airgid anseo féin. Bhíodh fuile faile fúthu ag imeacht faitíos go n-eireodh tada dhá gcuid airgid
TUILLEADH (1) ▼
Tá na faolchointe daingnithe isteach go maith i gCúige Uladh fós. Tá cuasnóig acu ansin a mhic ó mo chroí. Cinnfidh sé ar de Valera iad a scagadh amach as choíchin. M'anam go dtabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dó dhá fheabhas é.