Fearasbár, earasbár: tharasbár
—Ainm-fhocal: Fireann
—deirtear na trí cinn, agus tá gach aon-cheann aca tréan go leor i gcaint. "Tharasbár": "thearasbár" is tréine thríd is thríd inGaillimh b'fhéidir. Leis an alt is minic adeirtear "an t-earasbár", ach "an fearasbar" freisin agus "an tharasbár".
—earr agus bárr?
—
a.
an fuílleach; a mbeadh le cois; a mbeadh d'fhuílleach.
+–
Nuair a bhéas barr ar an gcruach seo gabhfaidh sé rite leis (an móin, féar, arúr etc.) earasbár ar bith a bheith ann = tada (den fhéar, den mhóin etc.) a bheith d'fhuílleach
Ná bac le fearasbár! Sílimse gur easbaidh a bhéas ort (easbaidh síolta) leis an ngarraí siúd a chríochnú
TUILLEADH (14) ▼
Ní bheidh earasbár ar bith agad pér bith céard a dhéanfas tú le easbaidh. Is mór an lear feamainne nach fuláir don gharraí siúd. Tá sé buan
Caith síos iad. Ní dochar ar bith neart fataí a chur síos. Is fhearr in a earasbár ná in a easbaidh iad = bruitear neart fataí le haghaidh an bhéilí, mar is fhearr cuid a bheith le cois, ná gan ar ndóthain a bheith againn
Ní raibh easbaidh ná earasbár agam. Mo dhíol díreach a bhí ann. Nach baileach a thomhais mé anois cén t-éadach a theastódh uaim!
Dúirt mé leis an táilliúr dhá mbeadh aon-cheo d'earasbár aige as ábhar na culaith é fhéin dhá choinneál
Má bhíonn earasbár slat agad th'éis an tuí a chur d'fheilfeadh glaicín domsa.
Is beag eile a bheadh d'earasbár nuair a bheadh díol dúcháin eile againn
Tá mo dhíol agam agus tharasbár
Is diabhlaí an t-earasbar a bhí agam, agus gur shíl mé go mba ar a chruachúis dom mo dhícheall a bheith agam
Bhí ur ndóthain tae agaibh? Shílfeá go raibh agus roint d'fhearasbár. Tá taoscán san gceaintín seo fós
Nach beag an t-earasbár a bhí agad nuair a bhain tú do dhíol fhéin as an síol!
Tá díol a fhreastail (d'airgead) aige, ach dheamhan farasbar ar bith (níl pínn d'fharasbár aige)
Ní bheidh fearasbar ar bith sna sé galúin fuisce. Dheamhan fhios agam nach easbúch a bheadh muid fós
Deir tú nach bhfuil de dhíol leasaithe agad. M'anam go bhfuil thearasbár tharmsa agad
Sheas an chruach sé leoraí móna agus d'fhan fearasbár uaim in a dhiaidh sin inte
b.
a mbeadh de mhaith ag rud ar rud eile.
+–
Níl earasbár ar bith aige ormsa. Má tá an oiread talúna chor ar bith aige liom
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam a bhfuil earasbar (nirt) ar bith aige ar J. annseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionnsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
TUILLEADH (2) ▼
Déarfainnse nach bhfuil earasbár ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
Ní raibh earasbár ar bith ag mo chuid muc-sa ar do chuid-se, ach bhí muca tuite nuair a dhíol tusa iad. Marach sin, bhuailfeá amach mé
+–
Ní fearasbár breáichte a chuireas barr ar an bpota = ní chuireann breáichte súilíní ar phota na heanra; ní breáichte a níos brachán ach min; níl aon-mhaith i mbean bhreá mara bhfuil spré aice
Pós bean bhreá agus bíodh sib an chuid eile dhár saol ag scríobadh leis an nganntan. Ní farasbar breáichte a chuireas barr ar an bpota, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Cén mhaith breáichte mara bhfuil rud eicínt in a haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbar breáichte a chuireas bárr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí in a gnathach maith agus an téagar a bheith san sparán aice, déanfaidh sí cúis
·
Níl tada d'earasbár ag an lá inniu fhéin = is fhearr é de bheagán ná na laethantaí eile, ach sé a bhfuil ann é. Níl gaisce ar bith ann
Ní baileach go bhfuil an tseachtain seo cho dona agus a bhí an tseachtain seo caite, ach dar mo leabhar níl mórán d'earasbár aice ach oiread
+–
Is caillte an aimsir í, ní ag ceasacht ar Dhia é. 'Chuile lá ag baint earasbár dá chéile = is measa gach lá dhá dteagann ná aon-lá roimhe sin
Níl aon-mhaith dhuitse a bheith ag caint ar sraith. Is measa an aimsir anois ná fadó. Nach bhfeiceann tú chuile bliain dhá bhfuil ag teacht go bhfuil sí ag baint fearasbár dhá chéile
TUILLEADH (5) ▼
Is diabhlaí deannachtach na ráigeannaí a bhí ann le dhá lá, agus chuile ráig aca ag baint fearasbár dhá chéile. Sin é anois é. Tá sé in am aice leigean fúithi dhá mba é toil Dé é
Ní bheadh a fhios agad cé is fhearr ná is measa den bhrotuinn sin. Gach uile dhuine aca ag baint fearasbár dhá chéile. Agus 'ar ndó' cár fhága tú an t-athair!
Ná bain roghain ná díogha as an dream sin. Níl ann ach gach uile dhuine aca ag baint earasbár dhá chéile. Nach fíor dhom é?
Níl garraí ag gabhail leis nach ag baint fearasbár donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna annsin thiar aige, agus nach mbeadh sé ionrásta agad a siúl, tá sí cho hachrannach sin. Is beag nachar bascadh mé an lá faoi dheireadh inte, agus mé ag briseadh treasna go dtí an bóithrín thiar.
Cho fada agus is léar domsa é, sén chaoi a bhfuil gach dream aca ag baint earasbár donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feicthear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach sén deá-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
c.
tuilleadh; biseach; méid etc.
+–
Tá sé tonna ann. Tá mo choinsias agus thearasbár = tuilleadh le cois sé thonna
Chuir tusa fearasbár ar an scéal = chuir tú tuilleadh leis; chuir tú agús ann
TUILLEADH (2) ▼
Ní shin é adúirt mise chor ar bith. An té a d'aistrigh mo chuid cainte (a d'innis do dhaoine eile í), chuir sé earasbar léithi. Sin é an chaoi igcomhnaí
Sílim nach mar sin a bhí an luaidreán, ach 'ar ndó' mo léan b'uirri siúd nach raibh an mhairg fearasbár a chur air
+–
Níl an sreangán sin sách fada. Cuir an píosa seo d'earasbár air (leis)
Leig an méid seo d'earasbár ar an ngiota fleainín
TUILLEADH (2) ▼
Fág an cheirt sin d'earasbár ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfóinfeadh sí amach annseo
Níor mhór duit seomra eile a leigean siar d'earasbar as an teach
+–
Tháinig fearasbar oilc air nuair a chuala sé sin
Tá earasbar tinneas air inniu = tuilleadh tinnis thar mar a bhí (inné etc.)
TUILLEADH (4) ▼
Teagann tharasbár bisigh air chuile lá. Is gearr go mbeidh sé as le cúnamh Dé
Fearasbar cantail a chuirfeas sé air má chloiseann sé é sin
Thearasbár cuthach a bhuail é nuair a chonnaic sé fear na foghla ag árdú an chlaidhe
Déarfainnse go bhfuil earasbár leiciméaracht ann thar an athair
+–
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
Shíl mé gur ag cur fearasbar ar an gcuibhiúlacht a bhí mé le é sin a dhéanamh, ach is cosúil gurb éard a rinne mé brachán den scéal
TUILLEADH (3) ▼
Ní leigfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbar ar an ngnaoithiúlacht
Agus le fearasbár a chur ar an gcumaoin chuir sé fios amach go dtí teach comharsan eicínt ar a inín, nó go gcasfadh sí ceól duinn = idteannta bídh agus deoch a thabhairt duinn
Agus le fearasbár siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad in a dhiaidh sin! = to make assurance doubly sure
+–
Chuir tharasbár daoine cruineacht i mbliana le hais aon-bhliain eile
Tá fearasbar meáchain ar an gcapall an geábh seo thar agus mar bhí an t-ualach cheana
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá gur ar bheithigh fíneáilte a bhí tharasbár "price" inniu
Tá sé ag baint earasbar amach ar an bplúr anois le seachtain = tuilleadh thar mar a bhíodh sé a bhaint amach cheana
Thug sé pínn d'earasbár dom san tsinseáil