Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
farasbarr, earasbar, tharasbarr
ainmfhocal, fireann
deirtear na trí cinn, agus tá gach aon cheann acu tréan go leor i gcaint. Tharasbarr is tréine thríd is thríd i nGaillimh b'fhéidir. Leis an alt is minic adeirtear an t-earasbarr, ach an farasbarr freisin agus an tharasbar.
earr agus barr?
a.
an fuílleach; a mbeadh le cois; a mbeadh d'fhuílleach.
+
Nuair a bheas barr ar an gcruach seo gabhfaidh sé rite leis (an móin, féar, arbhar srl.) earasbarr ar bith a bheith ann — tada (den fhéar, den mhóin srl.) a bheith d'fhuílleach
Ná bac le farasbarr! Sílimse gur easpa a bheas ort (easpa síolta) leis an ngarraí siúd a chríochnú
TUILLEADH (14) ▼
Ní bheidh earasbarr ar bith agat pé ar bith céard a dhéanfas tú le easpa. Is mór an lear feamainne nach foláir don gharraí siúd. Tá sé buan
Caith síos iad. Ní dochar ar bith neart fataí a chur síos. Is fhearr ina earasbarr ná ina easpa iad — bruitear neart fataí le haghaidh an bhéilí, mar is fhearr cuid a bheith le cois ná gan ár ndóthain a bheith againn
Ní raibh easpa ná earasbarr agam. Mo dhíol díreach a bhí ann. Nach baileach a thomhais mé anois cén t-éadach a theastódh uaim!
Dúirt mé leis an táilliúr dhá mbeadh aon cheo d'earasbarr aige as ábhar na culaith é fhéin dhá choinneáil
Má bhíonn earasbarr slat agat théis an tuí a chur d'fheilfeadh glaicín domsa.
Is beag eile a bheadh d'earasbarr nuair a bheadh díol dúcháin eile againn
Tá mo dhíol agam agus tharasbarr
Is diabhlaí an t-earasbarr a bhí agam agus gur shíl mé go mba ar a chruachúis dom mo dhícheall a bheith agam
Bhí bhur ndóthain tae agaibh? Shílfeá go raibh agus roinnt d'fharasbarr. Tá taoscán sa gceaintín seo fós
Nach beag an t-earasbarr a bhí agat nuair a bhain tú do dhíol fhéin as an síol!
Tá díol a fhreastail (d'airgead) aige, ach dheamhan farasbarr ar bith (níl pínn d'farasbarr aige)
Ní bheidh farasbarr ar bith sna sé galúin fuisce. Dheamhan a fhios agam nach easpúch a bheadh muid fós
Deir tú nach bhfuil do dhíol leasaithe agat. M'anam go bhfuil tharasbarr tharamsa agat
Sheas an chruach sé leoraí móna agus d'fhan farasbarr uaim ina dhiaidh sin inti
b.
a mbeadh de mhaith ag rud ar rud eile.
+
Níl earasbarr ar bith aige ormsa. Má tá an oiread talúna chor ar bith aige liom
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam an bhfuil earasbarr (nirt) ar bith aige ar J. anseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
TUILLEADH (2) ▼
Déarfainnse nach bhfuil earasbarr ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
Ní raibh earasbarr ar bith ag mo chuid mucsa ar do chuid-se, ach bhí muca tite nuair a dhíol tusa iad. Murach sin, bhuailfeá amach mé
+
Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota ní chuireann breáichte súilíní ar phota na hanraith; ní breáichte a níos brachán ach min; níl aon mhaith i mbean bhreá mura bhfuil spré aici
Pós bean bhreá agus bíodh sibh an chuid eile dhár saol ag scríobadh leis an nganntan. Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Cén mhaith breáichte mura bhfuil rud eicínt ina haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí ina gnaitheach maith agus an téagar a bheith sa sparán aici, déanfaidh sí cúis
·
Níl tada d'earasbarr ag an lá inniu fhéin — is fhearr é de bheagán ná na laethantaí eile, ach sé a bhfuil ann é. Níl gaisce ar bith ann
Ní baileach go bhfuil an tseachtain seo chomh dona is a bhí an tseachtain seo caite, ach dar mo leabhar, níl mórán d'earasbarr aici ach oiread
+
Is caillte an aimsir í, ní ag ceasacht ar Dhia é. Chuile lá ag baint earasbarr dá chéile — is measa gach lá dhá dteagann ná aon lá roimhe sin
Níl aon mhaith dhuitse a bheith ag caint ar sraith. Is measa an aimsir anois ná fadó. Nach bhfeiceann tú chuile bhliain dhá bhfuil ag teacht go bhfuil sí ag baint farasbarr dhá chéile
TUILLEADH (5) ▼
Is diabhlaí deannachtach na ráigeannaí a bhí ann le dhá lá, agus chuile ráig acu ag baint farasbarr dhá chéile. Sin é anois é. Tá sé in am aici ligean fúithi dhá mba é toil Dé é
Ní bheadh a fhios agat cé is fhearr ná is measa den bhratainn sin. Gach uile dhuine acu ag baint farasbarr dhá chéile. Agus ar ndóigh cár fhága tú an t-athair!
Ná bain roghain ná díogha as an dream sin. Níl ann ach gach uile dhuine acu ag baint earasbarr dhá chéile. Nach fíor dhom é?
Níl garraí ag gabháil leis nach ag baint farasbarr donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna ansin thiar aige agus nach mbeadh sé inrásta agat a siúl, tá sí chomh hachrannach sin. Is beag nár bascadh mé an lá faoi dheireadh inti agus mé ag briseadh trasna go dtí an bóithrín thiar.
Chomh fada agus is léir domsa é, 'sé an chaoi a bhfuil gach dream acu ag baint earasbarr donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feictear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
c.
tuilleadh; biseach; méid srl.
+
Tá sé tonna ann. Tá mo choinsias agus tharasbarr — tuilleadh le cois sé thonna
Chuir tusa farasbarr ar an scéal — chuir tú tuilleadh leis; chuir tú agús ann
TUILLEADH (2) ▼
Ní hin é adúirt mise chor ar bith. An té a d'aistrigh mo chuid cainte (a d'inis do dhaoine eile í), chuir sé earasbarr léithe. Sin é an chaoi i gcónaí
Sílim nach mar sin a bhí an luaidreán, ach ar ndóigh mo léan, b'uirthi siúd nach raibh an mhairg farasbarr a chur air
+
Níl an sreangán sin sách fada. Cuir an píosa seo d'earasbarr air (leis)
Lig an méid seo d'earasbarr ar an ngiota flainín
TUILLEADH (2) ▼
Fág an cheirt sin d'earasbarr ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfónfadh sí amach anseo
Níor mhór duit seomra eile a ligean siar d'earasbarr as an teach
+
Tháinig farasbarr oilc air nuair a chuala sé sin
Tá earasbarr tinneas air inniu — tuilleadh tinnis thar mar a bhí (inné srl.)
TUILLEADH (4) ▼
Teagann tharasbarr bisigh air chuile lá. Is gearr go mbeidh sé as le cúnamh Dé
Farasbarr cantail a chuirfeas sé air má chloiseann sé é sin
Tharasbarr cuthach a bhuail é nuair a chonaic sé fear na foghla ag ardú an chlaí
Déarfainnse go bhfuil earasbarr leiciméireacht ann thar an athair
+
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
Shíl mé gur ag cur farasbarr ar an gcuibhiúlacht a bhí mé le é sin a dhéanamh, ach is cosúil gurb éard a rinne mé brachán den scéal
TUILLEADH (3) ▼
Ní ligfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbarr ar an ngnaíúlacht
Agus le farasbarr a chur ar an gcomaoin chuir sé fios amach go dtí teach comharsan eicínt ar a inín nó go gcasfadh sí ceol dúinn — i dteannta bí agus deoch a thabhairt dúinn
Agus le farasbarr siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad ina dhiaidh sin! to make assurance doubly sure
+
Chuir tharasbarr daoine cruithneacht i mbliana le hais aon bhliain eile
Tá farasbarr meáchain ar an gcapall an geábh seo thar is mar a bhí an t-ualach cheana
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá gur ar bheithígh fíneáilte a bhí tharasbarr price inniu
Tá sé ag baint earasbarr amach ar an bplúr anois le seachtain — tuilleadh thar mar a bhíodh sé a bhaint amach cheana
Thug sé pínn d'earasbarr dom sa tsinseáil

Féach freisin

farasbarr in iontrálacha eile (16)

 
'Sé an chaoi ar sháigh mé na síolta ann, agus nuair a sháigh, chuir mé mám diúain síos sna fágálachaí ag cur farasbarr maitheasa orthu má b'fhíor dom fhéin. Ar ndóigh mo chreach mhaidne! Mharaigh mé le leasú iad. Róleasaithe a bhí siad roimhe sin fhéin
 
Nach diabhlaí coimhthíoch an uair í: chuile lá ag baint farasbarr dhá chéile!
 
airde 2
Tá farasbarr airde ann ó d'imigh sé ar an Achréidh
 
Má tá farasbarr ann, is antlásaí an mac ná an t-athair
 
Beidh fómhar grianmhar ann. Ní mór dhó sin ar shon an tsamhraidh. Tá mé ag ceapadh nár tháinig aon samhradh go hiomaí ba riabhaí na é. Chuile lá ag baint farasbarr dhá chéile. Sin é an chaoi a raibh sé. Beidh sí ina "bliain an bhrosna" mura dteaga aon triomach as seo go ceann míosa leis an móin a thriomú
 
imní
Nuair a chuala sé an méid sin chuir sé farasbarr imní air i dteannta a raibh air cheana — tuilleadh
 
Ní farasbarr intreachta atá aige, ach caitheann sé le na leabhra — níl mórán meabhair chinn aige ach tá sé tugtha do na leabhra agus é an-dúthrachtach ag foghlaim
 
Má d'airigh tú faoi do neart chor ar bith é, breá nár thug tú an dara hairt dó. Ní tada eile a bhí ag teastáil uaidh. Muire muise, dhá gceapadh seisean go raibh aon fharasbarr aige ortsa, ní imeofá uaidh chomh réidh sin
 
Faraor ghéar dheacrach má bhain mé aon fhód ariamh di. Féacha an aimsir sin! Nach gcuirfeadh sí carghas ar aon duine beo! Chuile lá ag baint fharasbarr dá chéile
 
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
Go deimhin is deas é do cheird, ag diurnadh an diúilicín de chat sin chuile ré solais! Caith ansin i dtigh an chlampair é. Ní beag dhó a dhonacht agus atá sé, agus gan tusa a bheith ag cur farasbarr donachta air. Má fheicim tú ag leagan láimh ná cois aríst i mbliana air, bainfidh mé an t-anam asat, bainfidh sin!
 
Is millteach an aimsir í míle buíochas le Dia, le doininn agus gairfean. Chuile lá ag baint fharasbarr dhá chéile
 
Ag dul chun donacht atá an aimsir. Chuile lá ag baint farasbarr dhá chéile
 
dris
Is maith an chiall agamsa é más in é do scéal. Cúigear acu agam agus chaon duine acu ag baint farasbarr den cheann eile. Tá siad chomh cantalach le dris. Tá a fhios ag mo chroí go bhfaigheann siad an tslat scaití, ach má fhaigheann féin is beag an mhaith sin. Bíonn siad chomh dona ar an toirt aríst agus a bhí siad ariamh
 
díle 1
Tá an lá inniu sa gclaí aríst, ní ag ceasacht ar Dhia é. Chuile lá anois ag baint farasbarr dá chéile. Gabhfaidh an Díle thar an Domhan mura bhfuil ag Dia
 
dúil
Chuala mé S. ag rá go raibh sórt drug eicínt i Meiriceá agus dhá gcaiteá aon uair amháin í nárbh fhéidir do dhúil a bhaint aisti. Drochearra í. Dhá mhéad dá bhféachtaí le do dhúil a bhaint aisti, 'sé an chaoi a mbeadh farasbarr dúile ag teacht agat inti. Dhíoltaí i ngan fhios í … Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid poitín! Ní ghreamóidh poitín d'aon duine nach é a chiontsiocair féin é