Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Farcaim
Briathar
rodha; pollha, cuasuithe; falamh; hollow; ag déanamh mine.
+
Tá an t-adhmad sin farcha = é ag déanamh mine, agus poill isteach ann agus b'fhéidir cuid de falamh istigh
Giúsach agus cuileann an dá mhaide is fuide go bhfarcfadh. Bhí siad thuas san sean-teach againn agus diabhal a bhfarcfadh siad go deó. An t-adhmad atá san gcoill sin thuas d'fharcfadh sé. Dair í 'ar ndú' agus farcann sí sin gan moill ar bith. Is iomdha maide giúsaí a chonnaic mé ariamh agus ní fhaca mé oiread agus ceann aca ag farcadh. Ní mór an ghiúsach a choinneál fliuch nó tirm
TUILLEADH (6) ▼
Fuair mé clár breá le tír annsin i mbliana, ach bhí sé farcha uilig go léireach ag na giúirinneachaí. Shíl mé go raibh agam, nuair a bhain mé an chéad bhrat dhe, ach cho luath agus a chuaigh mé dhá thligean, bhí a fhios agam gurb éadail gan tairbhe é
Fuair mise sail le linn an chogaidh cheana agus bhí sí foirghe le giúirinneachaí. Chuaigh mé i gcoinne láighe, agus scríob mé di iad. Dheamhan farcadh ná a dhath a bhí uirre. Bhí sí folláin
Is breá an drisiúr é sin fós agus an aois atá aige. Dheamhan a bhfuil ag breathnú farcha dhe. Bhí buaineadas san adhmad sin. Fadó a gheobhthá an ball ar fónamh
Ara beannacht Dé dhuit níl cleith thuas ar a chaolachaí nach bhfuil farcha as éadan (teach). Breathnuigh annsin! An bhfeiceann tú a bhfuil de mhin déanta ag an rata sin?
Tá cúlfhiacal agam, agus tá sí cho farcha, agus go ndéanfadh dreóillín nead inte. Is fadó an lá mar sin féin nachar airigh mé aon-driog inte ní ag tabhairt gubh orra é (ar na doigheachaí)
Tá an dumhach sin farcha ag coiníní. Is ann atá a dtabhairt amach = poill agus bealaigh déanta ag na coiníní thríd an ngaineamh

Féach freisin