—
rodtha; polltha, cuasaithe; folamh; hollow; ag déanamh mine.
+–
Tá an t-adhmad sin farctha — é ag déanamh mine agus poill isteach ann, agus b'fhéidir cuid de folamh istigh
Giúsach agus cuileann an dá mhaide is faide go bhfarcfadh. Bhí siad thuas sa seanteach againn agus diabhal a bhfarcfadh siad go deo. An t-adhmad atá sa gcoill sin thuas d'fharcfadh sé. Dair í ar ndóigh agus farcann sí sin gan moill ar bith. Is iomaí maide giúsaí a chonaic mé ariamh agus ní fhaca mé oiread agus ceann acu ag farcadh. Ní mór an ghiúsach a choinneáil fliuch nó tirim
TUILLEADH (6) ▼
Fuair mé clár breá le tír ansin i mbliana ach bhí sé farctha uilig go léireach ag na giúirinneachaí. Shíl mé go raibh agam nuair a bhain mé an chéad bhrat dhe, ach chomh luath agus a chuaigh mé dhá theilgean, bhí a fhios agam gurb éadáil gan tairbhe é
Fuair mise sail le linn an chogaidh cheana agus bhí sí foirgthe le giúirinneachaí. Chuaigh mé i gcoinne láí agus scríob mé di iad. Dheamhan farcadh ná a dhath a bhí uirthi. Bhí sí folláin
Is breá an drisiúr é sin fós agus an aois atá aige. Dheamhan a bhfuil ag breathnú farctha dhe. Bhí buanadas san adhmad sin. Fadó a gheofá an ball ar fónamh
Ara beannacht Dé dhuit, níl cleith thuas ar a chaolachaí nach bhfuil farctha as éadan (teach). Breathnaigh ansin! An bhfeiceann tú a bhfuil de mhin déanta ag an rata sin?
Tá cúlfhiacal agam agus tá sí chomh farctha agus go ndéanfadh dreoilín nead inti. Is fadó an lá mar sin féin nár airigh mé aon driog inti, ní ag tabhairt gutha orthu é (ar na daitheachaí)
Tá an dumhach sin farctha ag coiníní. Is ann atá a dtabhairt amach — poill agus bealaí déanta ag na coiníní thríd an ngaineamh
Féach freisin
→
farcáil