Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Farcán, Fabharcán
/fǝūrkān/
Ainmfhocal; Fireann
1.
carcair nó cineál bosca mór a bhíos ar bhun na slata mara, nó na gceann slat san áit a mbíonn siad greamuithe don leic. Baineann an fharraige iad idir shlata mara agus farcáin scaití. Bíonn cuasán nó poll an-mhór sna carcaireacha seo go minic.
+
Níl aon-fharcán dhá bhfuil ar na slata mara atá ag gob an Bh. nach bhfuil leithead íochtar an drisiúir sin ionta.
Thug mé liom iad idir shlata agus fharcáin. Cá bhfios nach bhfuil leasú sna farcáin freisin?
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an pota gliomach i bhfastós i bhfarcán slat mhara agus níorbh fhéidir a thabhairt aníos. Thug muid linn é faoi dheireadh agus faoi dheoidh, ach ba le strachailleacht é.
B'éigin dom an dorú a scoradh agus a fhágáil annsin. Ní thiúrfainn liom é, dhá mbeinn leis go sleibhe. I bhfarcán a bhí sé ingreim, tá mé ag ceapadh.
2.
cnap nó creagán a thóigfeadh láighe, sluasaid nó sleán nó a leithidí ar do láimh. Tugtar ar ailt é freisin.
·
Tá farcáin tóighe ar mo lámha ar scáth an t-achar a bhí mé leis an tsluasaid sin. Ach námhaid í an cheird gan a fólaim, adeir siad
Tháinig cnap annsin ar mo láimh mar a bheadh farcán ann go díreach. B'fhada liom go raibh sé ag imeacht agus chuaidh mé ag priocadh leis …