farcán, fárcán
—/fǝūrkān/
—ainmfhocal, fireann
1.
carcair nó cineál bosca mór a bhíos ar bhun na slata mara nó na gceann slat san áit a mbíonn siad greamaithe den leic. Baineann an fharraige iad idir shlata mara agus farcáin scaití. Bíonn cuasán nó poll an-mhór sna carcaireacha seo go minic.
+–
Níl aon fharcán dhá bhfuil ar na slata mara atá ag gob an Bh. nach bhfuil leithead íochtar an drisiúir sin iontu.
Thug mé liom iad idir shlata agus fharcáin. Cá bhfios nach bhfuil leasú sna farcáin freisin?
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an pota gliomach i bhfostós i bhfarcán slat mhara agus níorbh fhéidir a thabhairt aníos. Thug muid linn é faoi dheireadh agus faoi dheoidh, ach ba le streachailleacht é.
B'éigean dom an dorú a scoradh agus a fhágáil ansin. Ní thabharfainn liom é dhá mbeinn leis go sleibhe. I bhfarcán a bhí sé i ngreim tá mé ag ceapadh
2.
cnap nó creagán a thógfadh láí, sluasaid, nó sleán nó a leithidí, ar do láimh. Tugtar ar ailt é freisin.
·
Tá farcáin tógtha ar mo lámha ar scáth an t-achar a bhí mé leis an tsluasaid sin. Ach namhaid í an cheird gan a foghlaim, adeir siad
Tháinig cnap ansin ar mo láimh mar a bheadh farcán ann go díreach. B'fhada liom go raibh sé ag imeacht agus chuaigh mé ag priocadh leis …