Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Farradh
Ainmfhocal; Fireann
Iolraidh: farraí; farraíochaí
1.
áladh; ruathar; ionnsaí thobann; tosaí ag tabhairt liobairt ort agus gan aon-tsúil agad leis.
+
Thug sé farradh fúm gan fáth gan ábhar.
Diabhal blas a rinne sé ach farradh a thabhairt faoi, agus a shíneadh ar shlatrachaí a dhroma, agus glúin a bhualadh ar a bholg
TUILLEADH (5) ▼
Is oilbhéasach an madadh é sin ag an gC. Thug sé farradh fúm trathnóna agus stróic sé mo threabhsar. Is beag a bhéarfadh orm cur faoi ndeara dhó a bháthadh
Tháinig an gamhain fúm d'fharradh, agus bhuail sé isteach in éadan an chlaidhe mé.
Níl aon-dochar in Johnny M. Dheamhan ann ach an farradh sin. Gan áird ar bith a thabhairt air, ach cead aige fuarú san gcraiceann céanna ar théigh sé ann cheana
Má fhaghann sé siúd farradh ort, dheamhan fata a changlós tú le do mharthainn aige
Ní suaimneas dóibh fós. Feicfidh tú in a chogadh é anois aríst go deo. Náisiún ar bith aca sin a aireós aon-spreacadh ann fhéin tiúrfaidh sé farradh gan aireachtáil faoi cheann eicínt eile
2.
stolladh géar gaoithe; creatalach ghaoithe; feannadh gaoithe.
+
Is diabhlaí an farradh atá ann. Téighfidh sé seo na sean-chreatalachaí ag an móin = gaoth
Níl currach ar bith indon a dhul chun farraige inniu leis an bhfarradh atá ann
TUILLEADH (3) ▼
Beidh arúr sínte ag an bhfarradh seo. Is ciotach an t-am ar tháinig sé agus na daoine faoi réir le dhul ag baint
Ní fhéadfá aon-ghráinne coirce a cháthadh inniu agus an farradh atá ag éirí. Dheamhan gráinne a d'fhágfaí agad.
Dhá gclaochmaíodh an farradh bradach seo b'fhéidir go ngabhfadh an uair chun cineáltais, ach tá chuile chosúlacht air, ach claochmhú

Farradh in iontrálacha eile (14)

 
'Bhfuil fhios agad an moghlaer mór a bhí ar forbhás ar stuaic a' charracáin sin thiar i Leic a' Rí (garrdha)? Thuit sí anuas le fána, a's tá sí caithte thíos sa lag fliuch siúd anois. Is maith an t-ádh a bhí orainn nach raibh aon-bhó againn ann, nó bheidís cruptha isteach faoi ghiall a' characáin ar a' bhfarradh gaoithe sin a bhí ann le dhá lá, a's dhéanfadh a' daigéad siúd cuailín cnámh díob.
 
Shílfeá go mbadh deacair dóib (do na mná) na hataí coirricíneacha sin a chinnireacht chor a' bith, dhá mbeadh farradh 'bith ann.
 
Ní fhaca mise, le mo chuimhne fhéin, ar chuma 'r bith uair chomh coimhightheach seo ann faoi Bhealtaine. Nach sílfeá gurb é dubhluachair na bliadhna é, le farradh a's fearthainn. Tá'n aimsear in a cithréabachaí ar fad, ní ceasacht ar Dhia é.
 
'Cuirfe mise cumaoin do láimhe fhéin ort' adeir fear Dh. Fh. a' tarraingt scine amach, a's a' tabhairt farradh faoi.
 
Tá beodhchan breagh gaoithe ag eirghe shílfeá. Dhá dtagadh farradh teann anois, 'sé a chuirfeadh rath ar a' móin.
 
Má fheiceann tú a' biorrú na gcluas é (asal) fan uaidh, mar sin é 'fhaisean i gcomhnuidhe, nuair a bheidheas sé le farradh a thabhairt fút.
 
Thug sé farradh faoi gan aireachtáil, agus bhuail sé ar a bhéal a's ar fhiacla amuigh faoi'n tsráid é.
 
airigh
Airighim an farradh sin do mo tholladh = airighim gaimh na gaoithe sin ag dul thríom.
 
amuigh
Farradh an Mhárta, an farradh is measa amuigh = gaothtalach.
 
Dhá gcuirtheá farradh chainnte air, míle uair sa ló, ní árdóchadh sé a cheann, le thú 'fhreagairt.
 
Bhí formhás ar an haitín ar a ceann mar sin. B'iontas é go raibh sí indon a chinnireacht agus an farradh a bhí ann. Sin é an faisiún chreidim
 
feasta
Ní fhéadfadh an mhóin gan a bheith tirm feasta agus an farradh a fuair sí le coicís
 
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn annseo uair: madadh mór gliobach ruadh. Chonnaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag ligheachán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhí-nádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile cho glórach len a bhfaca tú ariamh, agus claon-fhéachaint i gceann aca. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlá dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann in a ghiall déarfá. Dheamhan asna dhó nach n-eirigheadh ar a chosa deireadh agus thugadh sé farradh 'san aer. Bhí tart céadtach air, agus síon chráidhte aige, agus é ag cur chubhair amach. Dhá bhfeictheá na creaithtí a bhí air. Agus bhíodh sé caithte anuas in a phleibistín 'chuile phuínte. Cailleadh é th'éis cúig nó sé de laetheantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeithí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é
 
Tá cúig nó sé de dhubhacháin ar bruach fós agus dheamhan an mó ná broc-thirm iad. Faraor nach siogáin fhada a rinne mé dhíob mar a rinne mé ar an lag-pholl. Dhá ndéanainn, thiocfadh an farradh sin a bhí ann le cupla lá thríotha, agus bhainfeadh sé deannach asta