1.
áladh; ruathar; ionsaí thobann; tosaí ag tabhairt liobairt ort agus gan aon tsúil agat leis.
+–
Thug sé farra fúm gan fáth gan ábhar
Diabhal blas a rinne sé ach farra a thabhairt faoi, agus a shíneadh ar shlatrachaí a dhroma agus glúin a bhualadh ar a bholg
TUILLEADH (5) ▼
Is oilbhéasach an madadh é sin ag an gC. Thug sé farra fúm tráthnóna agus stróic sé mo threabhsar. Is beag a bhéarfadh orm cur faoi ndeara dhó a bháthadh
Tháinig an gamhain fúm d'fharra, agus bhuail sé isteach in éadan an chlaí mé.
Níl aon dochar in Johnny M. Dheamhan ann ach an farra sin. Gan aird ar bith a thabhairt air, ach cead aige fuarú sa gcraiceann céanna ar théigh sé ann cheana
Má fhaigheann sé siúd farra ort, dheamhan fata a changlós tú le do mharthain aige
Ní suaimhneas dóibh fós. Feicfidh tú ina chogadh é anois aríst go deo. Náisiún ar bith acu sin a aireos aon spreacadh ann fhéin tabharfaidh sé farra gan aireachtáil faoi cheann eicínt eile
2.
stolladh géar gaoithe; creatlach ghaoithe; feannadh gaoithe.
+–
Is diabhlaí an farra atá ann. Téifidh sé seo na seanchreatlachaí ag an móin — gaoth
Níl curach ar bith in ann a dhul chun farraige inniu leis an bhfarra atá ann
TUILLEADH (3) ▼
Beidh arbhar sínte ag an bhfarra seo. Is ciotach an t-am ar tháinig sé agus na daoine faoi réir le dhul ag baint
Ní fhéadfá aon ghráinne coirce a cháitheadh inniu agus an farra atá ag éirí. Dheamhan gráinne a d'fhágfaí agat.
Dhá gclaochmaíodh an farra bradach seo b'fhéidir go ngabhfadh an uair chun cineáltais, ach tá chuile chosúlacht air ach claochmú
farra in iontrálacha eile (14)
→
carracán
An bhfuil a fhios agat an moghlaeir mór a bhí ar forbhás ar stuaic an charracáin sin thiar i Leic an Rí (garraí)? Thit sí anuas le fána agus tá sí caite thíos sa log fliuch siúd anois. Is maith an t-ádh a bhí orainn nach raibh aon bhó againn ann nó bheidís craptha isteach faoi ghiall an charracáin ar an bhfarra gaoithe sin a bhí ann le dhá lá, agus dhéanfadh an daigéad siúd cuailín cnámh díobh.
Shílfeá go mba deacair dóibh (do na mná) na hataí coiricíneacha sin a chinnireacht chor ar bith dhá mbeadh farra ar bith ann.
Ní fhaca mise, le mo chuimhne fhéin ar chuma ar bith, uair chomh coimhthíoch seo ann faoi Bhealtaine. Nach sílfeá gurb é dubhluachair na bliana é, le farra is fearthainn. Tá an aimsir ina círéabachaí ar fad, ní ceasacht ar Dhia é.
→
comaoin
'Cuirfidh mise comaoin do láimhe fhéin ort,' adeir fear Dh. Fh. ag tarraingt scine amach agus ag tabhairt farra faoi.
→
beochan
Tá beochan breá gaoithe ag éirí shílfeá. Dhá dtagadh farra teann anois, 'sé a chuirfeadh rath ar an móin.
→
bioraím
Má fheiceann tú ag biorú na gcluas é (asal) fan uaidh, mar sin é a fhaisean i gcónaí nuair a bheas sé le farra a thabhairt fút.
Thug sé farra faoi gan aireachtáil agus bhuail sé ar a bhéal agus ar a fhiacla amuigh faoin tsráid é.
→
forbhás
Bhí forbhás ar an haitín ar a ceann mar sin. B'iontas é go raibh sí in ann a chinnireacht agus an farra a bhí ann. Sin é an faisiún chreidim
→
dúbail
Ní foláir na goigíní (móna) sin a dhúbailt anois. Ní aireofá go mbeidís tirim go maith ar an bhfarra seo
→
dúchas
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn anseo uair: madadh mór gliobach rua. Chonaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag líochán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhínádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile chomh glórach lena bhfaca tú ariamh, agus claonfhéachaint i gceann acu. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlámh dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann ina ghiall déarfá. Dheamhan easna dhó nach n-éiríodh ar a chosa deiridh agus thugadh sé farra san aer. Bhí tart céatach air, agus sian chráite aige, agus é ag cur chúir amach. Dhá bhfeictheá na creaití a bhí air. Agus bhíodh sé caite anuas ina phleibistín chuile phointe. Cailleadh é théis cúig nó sé de laethantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeifí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é
→
dúchán
Tá cúig nó sé de dhúcháin ar bruach fós agus dheamhan an mó ná brocthirim iad. Faraor nach síogáin fhada a rinne mé dhíobh mar a rinne mé ar an lagpholl. Dhá ndéanainn, thiocfadh an farra sin a bhí ann le cupla lá thríothu, agus bhainfeadh sé deannach astu