fiodán
—ainmfhocal, fireann
1.
clascannaí nó díograchaí i sliabh; i scrath ghlugair a bheadh in aice locha nó aibhne, ar cholbhachaí casáin agus rl. Uisce portaigh a bhíos ionta go hiondúil. Ní thiúrfá ar shruthán a bheadh ag dul thríd an talamh é.
+–
"Claise na Ceanainne agus Fíodán an Phoill" = áiteachaí atá in aice le baile a dtugtar an Poll air i bparáiste Mhuighcuilinn. Ní coill é, ach díoga mhór
Chas sé liom thuas ag an bhFiodán Mór = áit in aice le Droichead na gCnoc, idir Muighcuilinn agus an Spidéal. Tá an fiodán chois an bhóthair ann ag rith san sliabh
TUILLEADH (6) ▼
Tá S. Gh. sin faoi fhiodáin ar fad. Níl a fhios cén t-eallach a bháitear san ngeimhreadh ann
Tá srathachaí na habhann suas annsin an-aistreánnach, mar tá siad faoi fhiodáin ar fad = clascannaí leathna nó caológaí ag síneadh isteach san talamh ón abhainn
Síolraíonn na bradáin ar fhiodáin na habhann suas annsin. Is fánach an srutháinín a ngabhfaidís isteach ann. Chonnaic mé síolruithe ar lag chlaise ar chuid T. iad
Ní mór dhaoib féithiú soir go maith thar ghob na locha. Tá cíocraí agus scrath ghlugair in aice na locha, agus fiodáin mhóra soir ann. Bíonn siad snámhta an t-am seo 'bhliain
Ní fhéadfá aon-mhóin a chur anoir annsin. Tá fiodán rómhat. Dhá mbeadh cupla clár agad a leagfá air
Ba lách feiliúnach an fear ar chnoc agus ar chnocán, ar thórainn agus ar fhiodán (claise san sliabh) é T. Mh., ach go deimhin níorbh é sin don aluisceach ba bhean dó . Bhí an baile reiche aice
2.
píopa nó dollán san gcolainn, i gcnáimh etc.
a.
+–
Brisfidh mé fiodán an chaca ionad le cic = an dollán a gcacann duine as; poll an chaca
"Níl "lady" dhá bhreátha inGaillimh nach bhfuil fiodán an chaca síos thrín a lár" = sórt leathfhocal
TUILLEADH (3) ▼
Cuirfidh mé an bata seo suas fiodán an chaca agad
Tá fiodán an uisce calcuithe air = an áit a dteagann an t-uisce as
Tá rud eicínt ar fhiodán a dhroma = an smior atá i gcnáimh an droma
+–
Séard a bhí le déanamh leis an cloigeann a bhaint anuas ón bhfiodán dhe = ón dúid; ó chuinc an mhuiníl nó ón ait a dtosaíonn an cnámh droma
Bhainfinn an ceann ón bhfiodán dhíot dhá leagthá láimh air, mara beag an náire ort, a scéiméirín!
TUILLEADH (1) ▼
Baineadh an ceann ón bhfiodán dhó, agus ba é a thuill sé
b.
·
Shílfeá gur anuas den fhiodán aige a gearradh thú = is tú a mhacsamhail; tá tú an-chosúil leis
Sé atá ag gabhail len a shean-athair. Thiúrfá an leabhar gur anuas den fhiodán aige a gearradh é
3.
dallán i muileann agus rl.
·
Bhí an oiread pislíní len a bhéal, agus a bheadh de mhin as fiodán muilinn = an áit a leigeann an muileann an mhin amach
4.
a.
+–
"Bhí fiodán suain ag an gcailín agus sháith sí in a chloigeann é, agus thuit an codladh céatach ar an bpuinnte air" (As scéal ó Sheoirse Mhac Artúr, Leitir Mucú, Casla. Ní mhaireann sé anois) = rud a mbeadh deoch shuain ann is cosúil; biorán suain
Cuireadh fiodán suain san gceann seo, marar eirigh sé fós
TUILLEADH (1) ▼
Tá fiodán suain ann. Ní eiríonn sé lá ar bith go mbíonn an dó dhéag bainte aige
b.
·
Má thugaimse failicín duit cuirfidh mé fiodán suain ionad = cuirfidh mé codladh ort = ní thiocfaidh tú chugad féin aríst go ceann tamaill
Má fhaghann sé siúd aon-leigean ar T. cuirfidh sé fiodán suain ann = gortóidh sé é
Féach freisin
→
fiodán 2