Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feáll
Ainmfhocal: Fireann agus Buineann: "is mór an feall"; ach "an fheall", "buille feille"
a.
mí-ghníomh; éagóir; rud éagórach nó tuatach a dhéanamh faoi rún, bréag, foghail, millteanas neamh-thuillte.
+
Ba mhinic le duine dhá dhream an fheáll a dhéanamh. Ní raibh siad folláin ariamh. Rinne a athair fhéin spiadóireacht aimsir na "mBlack and Tans" = rud mar spiadóireacht
Rinne sé feall ceart críochnuithe. Thug sé na póilíos aníos ar an mbaile gur rug siad ar dhá iarraidh phoitín
TUILLEADH (9) ▼
Mhairfeadh sé sin ag déanamh feáll (feille) ar a chomharsa. Bí ar do shon fhéin air sin. Sén uair is mó a mbeidh sé leat an uair is contúirtí dhuit é. Agamsa atá a fhios sin
Dheamhan feáll go deó ach mar rinne sé. Tharraing sé an t-achrann, agus annsin chuaigh sé a chúnamh don dream eile, agus é in a n-aghaidh roimhe sin mar dhóigh dhe
Cuireadh duine ar a shon fhéin má theagann air, ach ná déanadh sé aon-fheáll
Bhain sé amach an talamh le feáll. 'Deile!
Níor deárnadh aon-fheáll ariamh mar a rinneadh air sin. Daoradh san éagóir é. Ní raibh láimh ná cois aige san bhfear sin ach oiread liomsa
Ní bhaineann an scéal domsa chor ar bith, agus ní bhuailfinn mo ladar ann, ach níor mhaith liom feáll a fheiceál dhá dhéanamh ar aonduine, agus is feall atá dhá dhéanamh air sin, má bhaintear an t-airgead aríst dó. D'íoc sé cheana é
Má tá indán agus go bhfuighfear cionntach san gcúirt é, is feáll a bhéas dhá dhéanamh air. Níor chuir sé sin an áit sin thrí lasadh ach an oiread leis an bhfear nar rugadh. Ach tá caraideachaí ag an dream eile
Le feáll a dhéanamh a chuaigh sé ann chor ar bith
Ná déan aon-fheall air ar chaoi ar bith. Bain dhó (dhe) é, má tá tú indon, agus mara bhfuil bíodh leis. Dheamhan an fiú leath na cainte atá bainte amach aige é ar aon-chor
·
Chuaigh feáll air (éagóir, bréag) agus fríodh daor é.
+
Níl áit ar bith is mó feáll ná an sliabh, má tá ocras ar dhuine nó oíche dhubh ann = bíonn sliabh gortach ann agus poill bháite
Tá an fheall i gcomhnaí i gcois an asail = buailfidh sé thú nuair nach mbeidh súil ar bith agad leis
TUILLEADH (2) ▼
Tá an fheáll san bpoitín. Ní aireóidh tú ag tuitim ort é, nó go mbeidh tú ar meisce.
Fainic na curachaí! Tá an fheall ionta sin don té nach bhfuil paiteanta orra
+
Más feall filleann; filleann feáll = an té a dhéanfas feáll is maith a ghabhfas sé as, nó déanfar feall air fhéin aríst, nó bainfear díoltas dhe
Tuilleadh ghéar den diabhal aige anois! Ba bheag an scruball a bhí aige fhéin an fear bocht sin thiar a mharú. É a mharú a rinne sé scáth ar fhága sé beó dhe. Sé cóir Dé é anois gur eirigh an cleas céanna dhó fhéin. Más feáll filleann
TUILLEADH (1) ▼
An té a dhéanfas an droch-rud ní truaighe ar bith má theagann sé ar a mhéis fhéin aige aríst. Filleann feáll adeir siad. Chonnaic mise an scaibhtéara sin thuas ag siúl ar an mbaile, ach is furasta cur chuige anois
+
Bhí an buille feille ariamh ag (sna freisin) na Micileachaí = thiúrfaidís an buille marfach uatha nuair nach mbeadh súil ar bith leis, agus ingan fhios (deirtear buille feill freisin agus buille feidheall (/f′əiʟ/), ach buille feille is minice (/f′eʟ′ ə/))
Thug sé an buille feille uaidh; agus leig sé leis fhéin annsin.
TUILLEADH (3) ▼
Fanadh duine ar bith a bhfuil a leas ar Dhia uaidh sin. Tá an buille feille ann. Bhí agus i chuile dhuine dhá dhreám. Chuirfeadh a athair dhá chrích Mhuire thrín a chéile
Ní raibh aon-tuilleamaí aige siúd le aonduine aca, ná le aon-bheirt aca dhá dteigheadh sé chuige sin, marach an buille feille. Sin é a d'fhága ar lár é.
B'fhurasta a smíochadh. Níl spreacadh dreóilín ann, ach cár fhága tú an buille feille. Sin é an anachain i gcomhnaí
·
"Faltanas mhuintir Laidhe agus buille feidheall Chlann nDoncha" (feille /f′əiʟ/: /f′əiʟ′/. Tá sé ar chomhfhuaim le "Laidhe") = bhí sé de cháil ar Chlann nDoncha go raibh an buille feille ionta, agus go raibh faltanas i muintir Laidhe
Bhí sé sin san dualgas aige. Nar chuala tú ariamh faoi bhuille feill Chlann nDoncha
b.
truaighe.
+
Is mór an feáll nach raibh tú annseo ó thrathnóna. Bhí M. Ph. Sh. againn agus go deimhin gheobhfá cuideachta air = is mór an truaighe
Is mór an feáll go bhfuil sé buailte suas. Dhá mbeadh sea ar bith ann muis, d'fheicfeá ar cuairt é na hoícheanntaí seo. Ní raibh léamh ar bith air
TUILLEADH (6) ▼
Ba mhór an feáll an bhudóg sin a dhíol. An-údar bó a bhí inte
Ba mhór an feáll cead a thabhairt don fhéar sin lobhadh ab ea? Níorbh fheall go dtí é, a dhuine sin. Séard a bhí le déanamh le fear ar bith a bheadh cho sleamchúiseach sin a chuid talúna a bhaint dó, mar níl aon-ghnatha do thalamh ag án a leithide
Ná bac le feáll a mhic ó. Ní feáll go dtí é! Tá an oiread talúna ag dul amú annsin cheal aire, agus a mhairfeadh comhluadair air gan stró ar bith. Ach cén mhaith a bheith ag caint?
Níl aon-fheall go héag ach nach mbaintear an fheamainn siúd. Scoth leasú a bheadh innte
Níl feall go héag ach gur leigeadh leis é. Ba dona an dream sib. Breá nar bhac sib é? Dhá mba fear aitheantais a dhéanfadh é, mo choinsias is maith gasta a bheadh triúr agus ceathrar agaibh ag fuagairt air
Níl feáll faoin domhan ach nach aige atá posta Mh. Mh. Sin é an uair a d'fheicfeá an suíochan ag dul ar an tír. Ó a mhac go deó! Ní bheadh aon-chinneadh leis

Féach freisin

Feáll in iontrálacha eile (2)

 
Eirigh as an nathaíocht sin agus innis amach scéal breá. Nach bhfuil "Turas Fhínn go Crích Lochlainn" agad? … Is mór an-feáll muis. San áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht adeir siad.
 
Bain an fhabhtáil as an meaingil sin. Scríob amach leis an scian as é. Sin meaingil breá, agus ba é an feáll é a chaitheamh amach = an méid dhe a bhí lofa