Feamainneach
—Aidiacht
—
(faoin ngruaig) craobhach; lúbach; "gan í (an ghruaig) a bheith ag luighe anuas ceart".
+–
  Tá a cuid gruaige an-chuileach, an-fheamainneach
Tá folt air agus í cho feamainneach len a bhfaca tú ariamh
      
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
M'anam nach bhfuil aon-chall di sin aon-chataíl a chur inte, go bhfuil a cuid gruaige sách feamainneach cheana aice bail ó Dhia uirre.  Ach chreidim nach mór léithe a bheith san bhfaisean ach an oiread le duine.  Sin é an chaoi a n-imíonn an t-airgead, 'ar ndú'.