feamainneach
—aidiacht
—
(faoin ngruaig) craobhach; lúbach; gan í (an ghruaig) a bheith ag luí anuas ceart.
+–
Tá a cuid gruaige an-chuileach, an-fheamainneach
Tá folt air agus í chomh feamainneach lena bhfaca tú ariamh
TUILLEADH (1) ▼
M'anam nach bhfuil aon chall di sin aon chataíl a chur inti, go bhfuil a cuid gruaige sách feamainneach cheana aici bail ó Dhia uirthi. Ach chreidim nach mór léithe a bheith sa bhfaisean ach an oiread le duine. Sin é an chaoi a n-imíonn an t-airgead ar ndóigh.