—
cor; filleadh ná feacadh; é a chorraí ón láthair.
+–
  Chaith mé leathuair ag iarraidh é a chorraí, ach chinn orm feanc a bhaint as = cor; filleadh ná feacadh a bhaint as
É sin riu!  Tá sé in aon-tulán amháin, agus ní bhainfeadh seacht gCatha na Féinne feanc as
      
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Chaith mé an lá ag dul di le gró (do chloich), ach dhá naomhtaí mé, ní fhéadfainn feanc a bhaint aisti.  Dar príosta, ní bhainfinn
Bhí cloch annsin thíos ag ceann an bhóthar, a mbíodh fir láidre dhá bhféachaint féin léithe.  Ní bhainfeadh R. feanc aisti, ach thugadh T. gaoth di gan stró ar bith.  Ba ghearr air é
Feanc in iontrálacha eile (9)
                    →
                    forbhás 
                  
                  
                    An bhfeiceann tú an gruadhán mór cloiche atá ar formhás annsin thuas ar aill Gh. an T?  Nach diabhlaí nachar bhain aonduine aon-chorraí ariamh aisti.  Feanc beag ar bith muise, agus chuirfeadh sé anuas ar an mbóithrín í
                    Measaim go bhfuil an capall sin aige sáthach daighceamhail.  Bhí siad thíos annsin an lá faoi dheire agus chaith siad uair an chluig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aice, ach in a staic i lár an gheata.  Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corruighe.  Is diabhlaidhe contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
                    Tá an dream sin anois cho daingnighthe istigh ar an mbaile againn, agus nach mbainfeadh seacht gcatha na bhFiannta Éireann feanc asta.  Diabhal é muis.  Ní gar a bheith leo
                    
                    →
                    daol 
                  
                  
                    Deir na scurachaí sin a bhí thall in aoineacht leis go mbíodh sé ar an gceird chéadna i Sasana.  Bhuaileadh daolanna cumha é scaithtí, agus bhíodh sé bog te ag dul abhaile maidin lá'r na bháireach.  Ach maidin lá'r na bháireach ní bhíodh aon-chuimhne aige go raibh aon-bhaile ariamh ann.  A raibh de bháid aeir ag an "German" ní bhainfeadh feanc as aríst go saothruigheadh sé páighe na seachtaine
                    
                    →
                    Diarmaid 
                  
                  
                    Dhá mbeinn leis go ndéanadh Dia Diarmuid díom, ní bhainfinn feanc as, marach go dtáinic A. chongnamh dhom
                    
                    →
                    ding 
                  
                  
                    Neartuigh sé é féin thar cíonn ó a chuaidh sé isteach an chéad-uair.  Ní féidir feanc a bhaint as anois.  Do cheann-finne ní chuirfeadh amach é.  Tá geanntrachaí aige ins 'chuile áit — siar agus soir.  Is gínn leis 'chuile dhuine de na bossannaí bóthair agus de na dearcadóirí eile seo a chuir sé isteach.  Cuirfidh mé mo rogha geall leat nach bhfuil aon-bhaile dhá gcuimhneochaidh tú air d'uireasbhaidh duine atá ag fáil deoladh eicínt uaidh
                    
                    →
                    diocach 
                  
                  
                    Tá sé in a ghiocaichín ag na neascóideachaí.  Ní fhéadann sé a chloigeann a dhíriú beag ná mór ag péire atá ar chuinc a mhuiníl.  Tá siad in a mbúistiúin ar 'chaon taobh agus beireann siad ar chába an tseaicéid má bhaineann sé feanc ar bith as féin.
                    
                    →
                    domhan 
                  
                  
                    Fir an domhain agus ní bhainfidís feanc as nuair a chuir sé cosa idteanta air féin, ach é in aon-ghróigín amháin annsiúd
                    Ní bheadh aon-mhaith dhuit a dhul a (do?) chor-charaidheacht leis.  Chinnfeadh ort a leagan go lá Philip an Chleite.  Tá sé in aon-drománach amháin agad, agus a dhruim siar as i gcomhnaí.  Ní fhéadfá feanc a bhaint as