Fearadh
—Ainmbhriathar
1.
maith nó áirge (a dhéanamh); ag dul chun maitheasa do … ; samhaoine; fóint.
+–
Is fearadh do ghasúir an cócó seo. Bheidís thart dhá uireasa, agus cho deireannach agus a choinníthear ag an scoil anois iad. Leigtí amach ar bhuille an trí fadó iad = is maith nó is áirge do ghasúir é; it will have a good effect an children; it will benefit them; it is a great asset to them
M'anam muise má tá sí sin san mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparáiste). Diabhal bréag nach hea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile in a diaidh shul a n-imighe sí. D'eireódh di!
TUILLEADH (5) ▼
Ba fearadh don áit seo, dhá gcuireadh sé sin siopa suas ann. Bhrisfeadh sé na cneámhairí eile seo atá ag feannadh na ndaoine
Ba fearadh do sheandaoine an pinsean ar chaoi ar bith. Is iomdha sean-duine a gheobhfadh anshógh agus amhgar dhá uireasa. Ach ó a thosuigh siad dhá fháil tá cion orra, deirimse leat
Is fearadh do ghasúir an máistir scoile sin. Tá sé an-dícheallach. Feacha an méid a fuair postaí ó a tháinig sé annseo
Ní fearadh mór don bhaile seo í sin a bheith ann ar aon-nós. Hébrí cén dochar a dhéanfas sí, ní dhéanfaidh sí sochar ar bith
Is fearadh ar an tír an "dole" seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon-nós. Céard a dhéanfaidís marach é?
2.
na múrtha fáilte; fáilte mhór.
·
Cuireadh fearadh na fáilte roimhe; cuireadh fearadh na fíor-chaoin fáilte roimhe = cuireadh na múrtha fáilte roimhe. (Níor chuala mé fearadh mar bhriathar Coimsí — "d'fhear", "fearaim" etc — san leagan seo. "Cuir" an briathar a mbaintear leas as leis)
3.
Fearagráin = báisteach ghriodánta; é a bheith ag cur phící; fliuchán mór.
·
Gheobhaidh tú fearthainn agus fearagráin anois. Is furasta aithinte ar an spéir é. Ní thaithníonn na léasáin sin chor ar bith liom
Níl áiriú ar bith ar ar chaith sé d'fhearthainn agus d'fhearagráin le coicís anuas. Duine ar bith a bhí ag obair ar bhóithrí ar chuma ar bith, fuair sé faoi na foraí é
Fearadh in iontrálacha eile (6)
+
→
fear
Má fhaghann sé céad punt anois, beidh sé ag fearadh air aríst go ceann fada, th'éis nach bhfuil obair ar bith aige = beidh sé ag dul chun sochair dó
TUILLEADH (3) ▼
Dar príosta tá an imirce ag fearadh ar Bh. ar chaoi ar bith. An bhfeiceann tú an cloigeann feóla a tháinig air ó d'imigh sé. Ní ghabhfadh a cheann síos i gcliabh portaigh anois
Má phósann tú ní aireóidh tú go mbeidh na gasúir — má gheallann Dia dhuit iad — ag fearadh ort. Gheobhaidh tú do chuid leathchorónachaí, agus ní bhíonn achar ar bith orra go mbíonn siad ionchúntach. Ní aireóidh tú go mbeidh siad indon cuid den obair a bhaint dhíot
Is dual d'eascainí baintrí fearadh = a theacht isteach; a dhul i gcion
Cuirim brón agus deacair air, milleadh agus martrú air, mar is dual do'n eascainí fearadh
→
droim
Agus tá an inghean ag dul ag pósadh an spreallaire sin th'éis a bhfuil de mhílte aice. Cé'n chaoi a dtaithnigheann sin leis an athair. Ní cheapfainn go mbeadh aon-ghnaoi mhór aige air siúd mar chliamhain. Déanfaidh sé aithgiorra an chuit thríd an ngríosaigh ar spré na h-inghine. Ach tuilleadh diabhail ag an athair. Ní bheadh Dia thuas nó d'agróchadh sé air é. Chaith sé a shaoghal ag sladadh dílleachtaí agus baintreachaí agus daoine dona. Anois b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a mhéis féin chuige. Is gearr a bhéas an cliamhain siúd ag dul thrín a chuid mílte. Deir siad an rud a chruinnighthear ar dhruim an diabhail go n-imigheann sé ar a bholg. Is olc í eascainí baintrighe. Is dual di fearadh i gcomhnaí