Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fearadh
ainm briathartha
1.
maith nó áirge (a dhéanamh); ag dul chun maitheasa do …; somhaoine; fóint.
+
Is fearadh do ghasúir an cócó seo. Bheidís thart dhá uireasa agus chomh deireanach agus a choinnítear ag an scoil anois iad. Ligtí amach ar bhuille an trí fadó iad — is maith nó is áirge do ghasúir é; it will have a good effect on children; it will benefit them; it is a great asset to them
M'anam muise má tá sí sin sa mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparóiste). Diabhal bréag nach ea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile ina diaidh shula n-imí sí. D'éireodh di!
TUILLEADH (5) ▼
Ba fearadh don áit seo dhá gcuireadh sé sin siopa suas ann. Bhrisfeadh sé na cneámhairí eile seo atá ag feannadh na ndaoine
Ba fearadh do sheandaoine an pinsean ar chaoi ar bith. Is iomaí seanduine a gheobhadh anó agus amhgar dhá uireasa. Ach ó thosaigh siad dhá fháil tá cion orthu deirimse leat
Is fearadh do ghasúir an máistir scoile sin. Tá sé an-dícheallach. Féacha an méid a fuair postaí ó tháinig sé anseo
Ní fearadh mór don bhaile seo í sin a bheith ann ar aon nós. Hé brí cén dochar a dhéanfas sí, ní dhéanfaidh sí sochar ar bith
Is fearadh ar an tír an dole seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon nós. Céard a dhéanfaidís murach é?
2.
na múrtha fáilte; fáilte mhór.
·
Cuireadh fearadh na fáilte roimhe; cuireadh fearadh na fíorchaoin fáilte roimhe — cuireadh na múrtha fáilte roimhe. Níor chuala mé fearadh mar bhriathar cuimsí — d'fhear, fearaim srl. — sa leagan seo. Cuir an briathar a mbaintear leas as leis
3.
fearadh gráin: báisteach ghreadánta; é a bheith ag cur phící; fliuchán mór.
·
Gheobhaidh tú fearthainn agus fearadh gráin anois. Is furasta a aithinte ar an spéir é. Ní thaitníonn na léasáin sin chor ar bith liom
Níl áireamh ar bith ar ar chaith sé d'fhearthainn agus d'fhearadh gráin le coicís anuas. Duine ar bith a bhí ag obair ar bhóithrí ar chuma ar bith, fuair sé faoi na foraí é

fearadh in iontrálacha eile (7)

+
fear
Má fhaigheann sé céad punt anois beidh sé ag fearadh air aríst go ceann fada, théis nach bhfuil obair ar bith aige — beidh sé ag dul chun sochair dó
TUILLEADH (3) ▼
Dar príosta, tá an imirce ag fearadh ar Bh. ar chaoi ar bith. An bhfeiceann tú an cloigeann feola a tháinig air ó d'imigh sé. Ní ghabhfadh a cheann síos i gcliabh portaigh anois
Má phósann tú ní aireoidh tú go mbeidh na gasúir — má gheallann Dia dhuit iad — ag fearadh ort. Gheobhaidh tú do chuid leathchorónachaí, agus ní bhíonn achar ar bith orthu go mbíonn siad inchúntach. Ní aireoidh tú go mbeidh siad in ann cuid den obair a bhaint dhíot
Is dual d'eascainí baintrí fearadh — a theacht isteach; a dhul i gcion
 
fuar 2
Is millteach an aimsir í le fearthainn agus fearadh gráin. Lá fuar deallraithe é an lá inniu aríst
 
deacair 1
Cuirim brón agus deacair air, milleadh agus martrú air, mar is dual don eascainí fearadh
 
droim
Agus tá an iníon ag dul ag pósadh an spreallaire sin, théis a bhfuil de mhílte aici. Cén chaoi a dtaitníonn sin leis an athair. Ní cheapfainn go mbeadh aon ghnaoi mhór aige air siúd mar chliamhain. Déanfaidh sé aicearra an chait thríd an ngríosaigh ar spré na hiníne. Ach tuilleadh diabhail ag an athair. Ní bheadh Dia thuas nó d'agródh sé air é. Chaith sé a shaol ag sladadh dílleachtaí agus baintreachaí agus daoine dona. Anois b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a mhéis féin chuige. Is gearr a bheas an cliamhain siúd ag dul thrína chuid mílte. Deir siad an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg. Is olc í eascainí baintrí. Is dual di fearadh i gcónaí