Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fearann, Fearainn
Ainmfhocal: Fireann
1.
talamh; páirc; límistear talúna (níl d'fhuigheall dhe seo san gcaint anois ach san bhfocal "ceann-fhearann"; "ceann-fhearainn". Ní thuigfí "fearann" féin cé go bhfuil "ceann-fhearann" an-choitianta. Tá áit in Árainn Mhóir a dtugtar "Fearainn an Choirce" air. "Oat Quarter" i mBéarla. Is cosúil go mbá é an ceathrú cuid den treabhlach a bhí i gceist).
2.
stráiméad de cháca; ceathrú de cháca le na ghearradh crasáilte ar a threasna.
+
An té a gheobhfadh fearann arán coirce, agus babhal leamhnacht ba bheag an chlóic a bheadh air = stráiméad de cháca arán coirce; an ceathrú cuid den cháca
Níl d'fhuighleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabhail le buile. Bíonn sé cho goineach le caraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sib arán ó thárla nach raibh mé fhéin istigh
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an truaighe iad ar aon-chor: lucht bóthair agus bealaigh
D'ith mé fearann de cháca caiscín, agus d'ól mé muigín bláthaí. Bheinn deireannach dhá bhfanainn leis an tae

Féach freisin

Fearann in iontrálacha eile (11)

+
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
TUILLEADH (6) ▼
Ní mhillfidh tú tada má shiúileann tú soir an ceann-fhearainn. Tá réiteach fada fairsing agad ann.
Tá an chliath fágha ar an gceann-fhearann thuas san ngort. Ba chóir dhuit í a thabhairt anuas
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceann-fhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil se breóite ó ól an lae inné
Loic na fataí ar fad ar an gceann-fhearainn sin thíos.
Déanfaidh mé ceann-fhearainn annseo. Leigfidh mé na giotaí suas go huachtar ingreamús dhá chéile. Béarfaidh na cupla cúilín ar a chéile annsin thall ag an gcloich
An dtarraingeóidh tú amach in a gceann-fhearann iad annseo. Bheadh sé cho maith na hiomrachaí a leigean síos in a ladhrógaí go dtí claise an tsrotha. Déanfamuid crúbáin ann
 
(Is minic) doicheall (duifean) mór ar bheagán fearainn(e) (fc. "doicheall")
 
Róst sé bruithneog fhataí amuigh ar a' gcínn-fhearainn.
 
buail
Tá'n casán buailte síos rómhat ar a' gceann-fhearainn, a's tá maol-bhearnaí 'sna claidhtheachaí le na dhul tharstu.
 
dochar
Sin é anois an duine deire dhá chuid cloinne imighthe uaidh. Tá sé fágtha gan Murrchadha gan Mánus anois. Tuilleadh diabhail anois aige gan dochar gan díobháil duinne, dar gcuid ná dar maoin. Ní shin í mo chéad eascainidhe air muis, agus fearann an eascainidhe ar chaoi eicínt. Ba bheag an scruball a bhí aige féin eascainidhe a dhéanamh ná daoine a dhíbirt. Tá sé faighte faoi na foraí aige féin anois