Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fearann, fearainn
ainmfhocal, fireann
1.
talamh; páirc; límistear talúna. Níl d'fhuíoll dhe seo sa gcaint anois ach sa bhfocal ceannfhearann (fc. ceannfhearann). Ní thuigfí fearann féin cé go bhfuil ceannfhearann an-choitianta. Tá áit in Árainn Mhóir a dtugtar Fearainn an Choirce air; Oat Quarter i mBéarla. Is cosúil go mba é an ceathrú cuid den treabhlach a bhí i gceist.
2.
straiméad de cháca; ceathrú de cháca lena ghearradh crosáilte ar a thrasna.
+
An té a gheobhadh fearann arán coirce agus babhal leamhnacht, ba bheag an chlóic a bheadh air — straiméad de cháca arán coirce; an ceathrú cuid den cháca
Níl d'fhuílleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabháil le buile. Bíonn sé chomh goineach le carraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sibh arán ó tharla nach raibh mé fhéin istigh
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an trua iad ar aon chor: lucht bóthair agus bealaigh
D'ith mé fearann de cháca caiscín, agus d'ól mé muigín bláthaí. Bheinn deireanach dhá bhfanainn leis an tae

Féach freisin

fearann in iontrálacha eile (1)

 
dochar
Sin é anois an duine deiridh dhá chuid clainne imithe uaidh. Tá sé fágtha gan Murchadh gan Mánas anois. Tuilleadh diabhail anois aige gan dochar gan díobháil dúinne, dár gcuid ná dár maoin. Ní hin í mo chéad eascainí air muis, agus fearann an eascainí ar chaoi eicínt. Ba bheag an scrupall a bhí aige féin eascainí a dhéanamh ná daoine a dhíbirt. Tá sé faighte faoi na foraí aige féin anois