Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feárnóg
Ainmfhocal; Buineann
an crann a dtugtar alder i mBéarla air. Tá dhá chineál ann: an fheárnóg bhog (bhriosc) agus an fheárnóg bhán. Chois abhann, nó in áiteachaí a mbíonn fuarloch orra, nó i dtaltaí boga a d'fheicfeá feárnóg. Is droch-adhmad í. Ní chuirfí ag déanamh tada í, ach mion-obair nach mbeithí ag súil le aon-bhuaineadas inte. Bhí go leór di sna bróga adhmaid a bhí ann i gcaitheamh an chogaidh: sna "clogs". "Díogha na coille iubhar agus feárnóg" adeirtear.
·
"Díogha gach síon sioc más buan; díogha na coille iubhar agus feárnóg; díogha na ndaoine droch-bhean", agus rl.

Feárnóg in iontrálacha eile (1)

 
"Díogha gach síon sioc má's fuar; Díogha gach coill feárnóg úr; Díogha gach beatha mil má's sean; Díogha gach díogha droch-bhean".