Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fearnóg
ainmfhocal, baineann
an crann a dtugtar alder i mBéarla air. Tá dhá chineál ann: an fhearnóg bhog (bhriosc) agus an fhearnóg bhán. Chois abhann, nó in áiteachaí a mbíonn fuarlach orthu, nó i dtaltaí boga, a d'fheicfeá fearnóg. Is drochadhmad í. Ní chuirfí ag déanamh tada í ach mionobair nach mbeifí ag súil le aon bhuanadas inti. Bhí go leor di sna bróga adhmaid a bhí ann i gcaitheamh an chogaidh: sna clogs. Díogha na coille iúr agus fearnóg adeirtear.
·
"Díogha gach síon sioc más buan; díogha na coille iúr agus fearnóg; díogha na ndaoine drochbhean", srl.

fearnóg in iontrálacha eile (2)

+
"Díogha na coille an t-iúr agus an fearnóg: díogha na ndaoine bean" — is iad an t-iúr agus an fearnóg an dá chrann a bhuaileas crainnte na coille ar fad le donacht. Ar an gcóir chéanna, nuair a bhíos bean go dona, bíonn sí an-dona
TUILLEADH (1) ▼
"Díogha gach síon sioc más fuar; Díogha gach coill fearnóg úr; Díogha gach beatha mil más sean; Díogha gach díogha drochbhean".