Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feart
Ainmfhocal (san nGeiniúnach Iolraidh)
cumhacht, neart, míorúilte (is cosúil) (Níor chuala mé é ach sna leagain sheasta seo).
+
A Dhia na bhfeart céard atá tú a dhéanamh? = a Dhia mhóir na nGrásta
A Dhia na bhFeart go dtuga tú fóirínt dúinn agus do chuile chréatúr eile a bhfuil an t-anshógh air!
TUILLEADH (2) ▼
"Is fhearr é sin le Dia na bhFeart, ná a dhul faoi sheacht don Róimh" (as Rann: an dá líne tosaigh dhe: "Foighid in aghaidh gach locht, agus déirce don duine bhocht gan treóir")
"Fearta Fia: claoitear san (son) … " (tosaíonn an "Mharthainn Phádraig" mar sin)
+
Inniu lá Fheil Pádraig: lá Fheile Pádraig na bhFeart
Pádraig a chuir na hollphéiste agus na nathrachaí nimhe as Éirinn. Sé a bhí deas air: Pádraig na bhFeart
TUILLEADH (2) ▼
Tá mé eirithe as an tobac inniu, agus ní chaithfidh mé aon-ghráinne aríst le cúnamh Dé go dtí lá Fheil Pádraig na bhFeart. Bainfidh mé píopa as an lá sin. Deir siad nach dochar é
"Lá Fheil Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar!" (Feic "Fionnán")

Feart in iontrálacha eile (5)

+
"Lá Fhéile Fionnán Fínn a roinntear an fuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar (ghlas)"; "Lá Fhéile Fionnán Fhuar a theigheas an cloch fhuar san uisce agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a eiríos sí aisti (a bhaintear as an chloch fhuar)"; "Lá Fhéile Fionnán fuar a theigheas roinnt ar an bhfuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar; "Oíche Fhéile Fionnáin a chuirtear mír ar an bhfuacht" = ní bhíonn fuacht an gheimhridh ceart ann go dtí Lá Fhéile Fionnáin, agus ní thosaíonn an ghaimh ag imeacht aríst as go dtí Lá Fhéile Pádraig
TUILLEADH (1) ▼
Sí anocht oíche Fhéile Fionnáin. Cuirfidh an oíche anocht mír ar an bhfuacht. Níl aon-lá ariamh san saol nach shin é a chloisinn. Ní bhainfear an chloch fhuar as aríst go bhfeice tú Lá Fhéil Pádraig. "Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch ghlas", adeiridís
 
dia 1
A Dhia na bhFeart!
 
Bhí sí cho drad-gháireach le madadh istigh 'san gclúid. A Rí na bhFeart nach hí an chúdaois (códaois?) ghránna í, ní ag fáil locht ar ghnatha Dé é! 'Sí agus an chúdaois olc!
 
díle 1
Chonnaic mise saoghal a raibh an díle poitín annseo. Ní bheadh ort ach a dhul isteach i dteach ósta ar bith agus is túisce a leagfaí gloine fuisce ná gloine phórtair chugad. A Rí an bhFeart, nach hé an saoghal a d'imigh! Agus gan dubh na h-iongan de anois ins an tír