Fearthainneach
—Aidiacht
—
fliuch gaofar; ceathannach; múrannaí agus gaoth.
·
Aimsir fhearthainneach í. Tá sí go dona ag arúr. Scuirfidh sí as éadan é
Lá fearthainneach go leór a bhí san lá inné. Ba bheag nar phréach sé mé. Bhí mé ar aghaidh na riteacht' annsiúd thuas
·
Má chothuíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon-fhód móna ná aon-tsop féir. Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon-chailleadh air